Ciara Heneghan | Comhfhreagaí na Gaeilge
Sa bhliain 2013 beimid ag ceiliúradh na Gaeilge ar fud an oileáin agus deirtear go mbeidh na mílte deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil. Ar oíche chinn bliana i mBaile Átha Cliath bhí an cathair líon lán le daoine ag ceiliúradh ‘The Gathering’, a thosaigh go hoifigiúl ag meán oíche. I gCiarraí, áfach, bhí an béim uilig ar an nGaeilge. B’iad Mícheál Ó Muircheartaigh, agus Pádraig Ó Sé a sheol Bliain na Gaeilge go hoifigiúil le teachtaireacht phearsanta réamhthaifeadta ón Uachtarán Michael D Higgins ar An Daingean. Bhí Pádraig Schaler, mac léinn, ann ar an oíche agus dúirt sé go raibh sé “go deas an slua mór, a thaiseal ann ó gach carn den tír, a fheiceáil ann, rud a léirigh an tacaíocht atá ann den bhliain.”
Bhí 2013 roghnaithe mar chomóradh ar bhunú Chonradh na Gaeilge 120 bliain ó shin, tráth go raibh an-bhaol ann don Ghaeilge agus cuma ar an scéal go mbeadh deireadh léi. In 2013 beimid ag tabhairt aitheantais don dul chun cinn iontach atá déanta le 120 bliain anuas ag na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, na scoileanna agus grúpaí eile ó shin i leith leis an nGaeilge a chaomhnú, a bhuanú agus a chur chun cinn. Tá idir imeachtaí náisiúnta, imeachtaí sa phobal, comórtais agus tionscadail nua Ghaeilge le bheith ar siúl i rith na bliana.
Ag trácht ar Bhliain na Gaeilge 2013 mhol tUachtarán do chuile dhuine a gcuid Gaeilge a úsáid le comhghleacaithe oibre, le cairde, le gaolta agus le duine ar bith eile gur féidir le linn 2013. Bhí sé réadúil agus soléir nuair a dúirt sé go bhfuil “ról na Gaeilge sa lá atá inniu níos tábhachtaí ná riamh agus brú ag teacht ar mhionteangacha ar fud an domhain mhóir. Is dlúthchuid dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge.”
Is léir ón méid sin go bhfuil fadhbanna móra leis an nGaeilge a láidriú sa tír. Tá meath an-mhór tar éis teacht ar an líon daoine a bhíonn ag úsáid Ghaeilge gach lá sa Ghaeltacht agus tá gá leis an meath sin a stopadh agus a iompú.
Feiceann Julian de Spáinn Eagraí Náisiúnta Bhliain na Gaeilge é sin. Dar leis, “Tá sí mar aidhm ag Bliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid, laistigh agus lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, tríd an gceiliúradh bliana seo ar an teanga.”
Cuirfear fáilte roimh ghrúpaí agus roimh dhaoine aonair a bhfuil spéis acu páirt ghníomhach a ghlacadh i mBliain na Gaeilge agus tá gach eolas faoi sin, agus faoi na comórtais uilig a bheas ar siúl le fáil ag www.gaeilge2013.ie.