Oct 22, 2014

Agóidí: an bhfuil ciall ag baint leo sa lá atá inniu ann?

Is í cosaint ár gcearta daonlathais an rud is tábhachtaí, dar le Benn Ó hÓgáin

Benn Ó hÓgáin | Comhfreagraí Gaelach

Lá breá a bhí ann an Satharn seo caite, agus bhí mé ag ligint mo scíthe sa choláiste. Bhí gach rud mar is gnáth go dtí nach raibh sé, go dtí go raibh torann glórach ag teacht i mo threo. Deirtear go raibh 50,000 duine ann, ag máirseáil i gcoinne na  dtáillí uisce.

Tá a fhios againn cinnte go mbeidh na táillí uisce againn go deo anois, is cuma cén ruaille buaille a dhéanann An Páirtí Sóisialach. Tá breis is €180 milliúin caite ar Uisce Éireann, an chomhlacht fo-stáit a bheidh i gceannas ar an uisce, gan trácht ar an obair atá déanta maidir leis na meadracha, atá taobh amuigh de gach uile doras.

ADVERTISEMENT

Aon huair a bhíonn máirseáil mar seo ar siúl, bíonn dearcadh diúltach agam faoi. Cén mhaitheas atá ann, deirimse, nuair atá a fhios againn nach dtiocfaidh aon fheabhas ar an scéal?

Tá feachtas ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) le deanaí dar teideal ‘Education Is…’. Is é bunphrionsabal an fheachtais seo ná go bhfuil oideachas ina earra poiblí.

Cúpla lá roimh an agóid uisce, bhí mic léinn ag máirseáil ar son a gcearta oideachais, agus ar son an fheachtais ‘Education is…’, agus bhí breis is 6,000 duine a bhí ag an gceann sin.

Ach an ndéannann sé sin aon mhaitheas, don dream atá i gcoinne na dtáillí uisce, nó do na mic léinn? D’fheadfá a rá go bhfuil sé go maith gur féidir linn ár dTeachtaí Dála a chur ar an eolas maidir le tuairimí an phobail. D’fheadfá a rá go bhfuil gá le feachtas ar nós an chinn i gcoinne na dtáillí uisce fíorthábhachtach ó thaobh an daonlathais de. Tá maitheas ag baint leis na ráitis thuas. Ach ag an am céanna, má táimid ag iarraidh ár bhfód a sheasamh ar son ár gcearta, tá orainn a bheith i bhfad níos gníomhaí mar tír ná atá muid faoi láthair.

Lig muid don rialtas a pholasaithe a chur i bhfeidhm gan srian. Ní raibh muid mar sin i gcónaí. Má smaonionn tú siar ag scannal na cartaí leighis i 2008, ghlac 15,000 seansír páirt i slógadh taobh amuigh de Dháil Éireann. Sheas na mílte i gcoinne ginmhillte, agus i bhfabhar an rud céanna. Ní raibh an slua céanna ann le haghaidh oideachais. Tá breis is 164,000 mac léinn sa tríú leibhéal, ach ní raibh ach 6,000 sásta seasamh ar son a gcearta ar na srádeanna.

Deir daoine go bhfuil na huimhreacha sin ard: níl siad. An fhadhb atá againn ná gur cuma le daoine óga augs ní chaitheann siad vótaí. Mura gcaitheann tú do vóta, is chuma leis an Dáil fút. Is é sin an fáth gur thug siad na cartaí leighis ar ais do na seanóirí, ach go bhfuil táille ranníocaíochta an mhic léinn ag dul suas an bhliain seo chugainn.

D’fhág lucht an uisce ródhéanach é, bhí an t-airgead caite, agus an plean socruithe cheana féin. Ach na mic léinn? Tá deis fós againn troid ar son an gearradh siar atá déanta le blianta beaga anuas. D’fheadfá an scéal a bheith i bhfad níos measa — dar ndóigh, ba mhaith an buiséad a bhí ann ó thaobh an oideachais de ar an iomlán — ach d’fhéadfadh rudaí a bheith i bhfad níos fearr.

An chéad uair eile a bheidh máirseáil ar siúl, beidh an-mheas agam ar na daoine a glacann páirt, is cuma an aontaím nó mura aontaím le ceard atá á rá acu. Is í cosaint ár gcearta daonlathais an rud is tábhachtaí. Ansin, B’fhéidir is féidir linn an domhan a athrú.

Lá breá a bhí ann an Satharn seo caite, agus bhí mé ag ligint mo scíthe sa choláiste. Bhí gach rud mar is gnáth go dtí nach raibh sé, go dtí go raibh torann glórach ag teacht i mo threo. Deirtear go raibh 50,000 duine ann, ag máirseáil i gcoinne na  dtáillí uisce.


Photo by Tomasz Szykulski for The University Times

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.