Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 25, 2015

Claochlú Iomlán ag Teastáil sa Mheon i leith Bhanaltraí agus Cnáimhseacha an Choláiste

D’éirigh leis an baol stailce ag Eagraíocht na mBanaltraí agus Cnáimhseacha (INMO) le cinneadh an HSE a mhoilliú, ach is gá á n-éilimh a shású.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an chonspóid maidir le rátá pá €6.49 do bhanaltraí agus cnáimseacha na hollscoile tar éis éirí níos dáiríre le déanaí, le ceannairí na gluaiseachta tar éis a rá “go bhfuil stailc céad faoin gcéad mar fhéidearthacht”. Is cúis feirge é an ráta pá seo, go háirithe nuair a ghlactar leis go ndéanann na mic léinn seo an obair chéanna le baill foirne atá cáilithe, i ngach rannóg, seachas dáileachán an leighis.

Tá na coinníolacha faoina n-oibríonn na banaltraí agus cnáimhseacha sa choláiste mar fhadhb faoi leith. I Mí Iúil na bliana seo, thuairisc The University Times gur fhulaing beagnach 60 faoin gcéad de chnáimhseacha na Trionóide bullaíocht agus iad ar thaithí oibre, le dhá thríon dóibh ag fulaingt le tionchair sláinte intinne. Tá an codarsnacht idir an pá a thuileann na mic léinn agus an íosphá náisiúnta, árdaithe le déanaí go €9.05 dodhéanta le cáiliú a dhéanamh air, go háirithe nuair a thógtar faoi ndeara an ról freagracht a bhíonn ag na mic léinn seo.

Is léir gur fhadhb fhorleathan é an dímheas seo i leith na mbanaltraí. Leis na sluaite banaltra ag fágáil na tíre seo, níl a dhóthain á dhéanamh leo a choimead anseo. Níor fhailtíodh leis an scéim le €1,500 a thabhairt do bhanaltraí ag filleadh, agus is deacair é a chothromú le tagairtí an iar-Aire Sláinte James Reille a dúirt gur cheart do bhanaltraí na tíre seo “dul ar imirce, nó post a fháil in ionad mear-bhia”.

ADVERTISEMENT

Sa choláiste seo, tá an t-aonaránachas a mhothaíonn banaltraí de thoradh ar na fadhbanna a chruthaíonn an campus seachtrach in Ospidéal San Séamuis, deirtear. Is léir, áfach, nach bhfuil dóthain ar siúl ag an gcoláiste lenár mbanaltraí agus cnáimseacha a chosaint. Feictear ar an léirsiú, eagraithe ag an INMO, mar cheann de na léirsithe is eagraithe agus is aontaithe le déanaí. Is trua é, áfach, go raibh gá lenár mic léinn braith ar eagraíocht neamhspleách lena gcearta a chosaint.

Tá méadú tagtha le déanaí ar an míshástacht maidir le oibrithe ar ioncaim íseal, mar shampla i leith JobBridge agus stailc na n-oibrithe Dunnes Stores, a ghnóthaigh tacaíocht mhór phoiblí. Is léir, áfach, gur fhágadh ár mbanaltraithe agus cnáimhseacha ina dhiaidh sa ghluaiseacht seo. Tá claochlú ollmhór ag teastáil sa mheon i leith na mbanaltraithe agus cnáimseacha sa choláiste leis a leasa a chosaint, agus gan an brú a chur orthu an tír seo a fhágáil le caighdeán saoil ceart a lorg.

Banaltra nurse
Cnáimhseach midwife
Stailc strike
Claochlú transformation
Mear-bhia fast food
Aonaránachs disengagement