Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 4, 2015

Streachailt Chrua Amach Roimh an nGluaiseacht leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht a Aisghairm

Agus tús á chur ag TCDSU ar a fheachtas leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht a aisghairm, pléann an Bord Eagarthóireachta na dúshláin atá roimhe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá cónaí orainn i ndomhan iar-Chomhionannas Pósta. Ach taobh amuigh de sin, bliain chaithréimeach atá ann go dtí seo do chearta trasghnéasacha agus comhionnanas fostaíochta. Ba léir go rí-mhaith an fuinneamh a chothaigh na buanna seo ag an Léirsiú Ar Son Rogha an tseachtain seo caite. Nochtaigh an léirsiú an fhearg atá laistigh de chuid mhór de mhná. Bratach amháin a bhí ag an léirsiú ná bratach an TCDSU.

Siar i 2013, díríodh dhá cheann de chruinnithe Chomhairle Aontas na Mac Léinn ar an gceist chonspóideach: ar cheart don SU seasamh a thógáil ar ghinmhilleadh, rud a beartaíodh a dhéanamh níos déanaí i ndiaidh reifreann mac léinn. Dhá bhliain go leith níos déanaí, cuireadh le chéile coiste de chaoga ball maidir leis an Ochtú Leasú a aisghairm. Bhí gar le ochtó mac léinn ag léirsiú leis an SU an tseachtain seo caite, agus beidh an chéad ócáid den fheachtas ar siúl go luath an tseachtain seo chugainn.

Rud atá suimiúil faoin ngluaiseacht ag tacú leis an Ochtú Leasú a aisghairm, gluaiseacht atá anois ag fás is ag fás, ná nach bhfuil argóintí nó fearg nua á nochtadh. Is iad na tuairimí céanna argóna a chlualathas siar in 1983, nuair a reachtáladh an reifreann leis an leasú a chur isteach. Luaigh an tAire Comhionannais Aodhán Ó Ríordáin gur chreid sé go ndéanfaí ‘slad’ ar reifreann leis an Ochtú Leasú a aisghairm dá reachtálfaí anois díreach é.

ADVERTISEMENT

Cé go bhféadfaí cruinneas an ráitis a cheistiú, is fiú arís a thabhairt faoi ndeara go gcónaíonn mic léinn Choláiste na Trionóide ina mbolgán féin, ina ndomhan faoi leith. Caithfear cuimhneamh ar argóintí gránna an taobh ‘Níl’ sa reifreann pósta. Caithfear a thabhairt faoi ndeara chomh maith go dtógtar seasamh i gcoinne an ghinmhillidh ar líon mhór de chúiseanna éagsúla, nach gá gur dírithe ar an reiligiún atá siad. Tá easaontas i measc dhaonra na mac léinn ar cheart an Aontais dul i mbun feachtais ar chor ar bith ar an ábhar, gan trácht ar sheasamh a thógáil. Ba cheart stráitéis an SU iad siúd a n-aithníonn iad féin ar son na beatha a thógáil san áireamh, agus gan a seasamh a léiriú mar chomhaontú atá go hiomlán fairsing ar an gcampas. Is éagsúlaí é seo le Comhionannas Pósta, a bhí á tacú ag móriomlán na mac léinn.

Tá deis ag an bhfeachtas, le taispeántas breá ag an léirsiú agus le painéal láidir an tseachtain seo chugainn, fíorathrú a chur ar bun. Ach ní bheidh rath iomlán ar an bhfeachtas má fhágann sé ar lár iad siúd nach n-aontaíonn le seasamh an Aontais, agus b’fhéidir gur troid níos deacra ná mar a shíleadar i dtús báire a bheidh ann do na heagraithe.

Ochtú Leasú ar an mBunreacht a aisghairm repealing the eighth amendment of the Constitution
Fairsing widespread
Feachtas campaign
Ginmhilleadh abortion
Ar son rogha pro-choice
Ar son na beatha pro-life
Comhionannas equality
Léirsiú demonstration