Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 18, 2015

Níos Lú Cainteoirí Neamhbhalbh ag Coláiste na Trionóide in Ionaid gur Féidir Athruithe a Chur ar Bun

Tar éis don Ollamh Peter Coxon éirí as Bhord an Choláiste, agus gan an t-Ollamh Eoin O'Dell mar Chathoirleach ar na Comhaltaí, tá síos deacra ná riamh le cuntasach a chomeád as an gColáiste.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le cúpla seachtaine anuas, tá beirt bhall neamhbhalbh de shochaí an Choláiste tar éis éirí as a n-ionaid, ionaid a d’úsáid siad go héifeachtach le haird a dhíriú ar nithe go raibh gá le haghaidh a thabhairt orthu.

Bhí cáil ar an Ollamh Peter Coxon, a d’éirigh as an mBord trí bhliana sula raibh deireadh lena théarma, de bharr gur chur sé in iúil do mhic léinn Thíreolaíochta go mba cheart dóibh gníomhú i gcoinne na hollscoile, agus ba cheann de na baill ba neamhbhalbhaí é den Bhord. Tá gá le baill neamhbhalbh ar an mBord. I mí Bealtaine den bhliain seo, rinne roinnt bhaill den Bhord, nach daltaí iad, gearán faoin slí go gcaitheann an Provost le daoine, agus an slí go raibh cathaoirleacht á dhéanamh aige ar na cruinnithe. Dúirt duine acu go gcaitear leo le leibhéal de “dímheas”, agus nach bhfuil meas acu ar an slí go reachtáiltear an Bord dá bharr. Duirt duine eile “is ar éigean go bhfuil an Bord ag feidhmiú”. Go dtí sin, ba dheacair eolas ar bith a fháil maidir le reachtáil an Bhoird.

Níl an t-Ollamh Eoin O’Dell mar chathaoirleach ar na Comhaltaí a thuilleadh – ionad atá fíor-thábhachtach sa Choláiste agus a dhéanann ionadú ar ábhair spéise na n-Acadóirí Sinsearacha sa Choláiste. Ní hamháin go mbuaileann Coiste Seasta na gComhaltaí leis an Provost roimh gach cruinniú Boird, ach is cinnte a rá nuair a éiríonn na Comhaltaí feargach, éistear leo. Mar shampla, b’iad siúd an phríomhchúis go ndearna an Coláiste ath-fhócasú ar a fheachtas ath-bhrandáil tubaisteach i 2014. B’é O’Dell an fear taobh thiar de seo, chomh maith le go leor obair eile sa chúlra atá tar éis an Coláiste a choinneáil ar an mbóthar ceart.

ADVERTISEMENT

Labhraíonn The University Times go minic faoi “chuntasach a chomeád as an gColáiste”. Le Coxon agus O’Dell sna hionaid a bhí acu, bhí sé níos éasca orainn an tasc seo a dhéanamh, toisc go ndearnadar na rudaí a dhéanaimid iarracht a dhéanamh, ach ón taobh istigh, agus le i bhfad níos mó tionchair. Cé nach bhfuil siúd atá ag tógáil a n-áiteanna go hiomlán mí-éifeachtach, tá Coláiste na Trionóide tar éis beirt luachmhar a chailliúint in ionaid ina raibh siad in ann athruithe a chur ar bun.

 


Neamhbhalbh outspoken
Ionad positions
cuntasach a chomeád as an gColáiste hold the college to account
Ollamh Professor
Na Comhaltaí The Fellows
Cathaoirleach Chairperson