Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 11, 2015

Tuigeann Cumainn na hImpleachtaí ag Baint le hAoichainteoirí Conspóideacha

Aíonna tSochaí Roghnaítear uaireanta do an chonspóid a bheidh siad cúirte argóint , an Bord Eagarthóireachta

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí an mí-thréithiú scanallach a rinne Brendan O’Neill ar mhic léinn Choláiste na Trionóide ina chúis náire don iriseoir. Rinne sé iarracht thútach a ainm a chur i mbéal an phobail, agus is cumann sa choláiste, a d’fháiltigh mar chuairteoir é, a bhí thíos leis de bharr an cur síos mí-chruinn den eachtra a d’fhoilsigh sé.

Leis an méid sin ráite, is gaire do Donald Trump ná Enda Kenny é O’Neill sna tuairimí conspóideacha atá aige, agus ní bhíonn deacracht aige na tuairimí seo a mhaíomh os ard. Is mian leis i gcónaí a dhearcthaí gráinne a chur faoi cheilt taobh thiar d’easontú ionraic. Tuigeann duine ar bith le taithí ar a chuid scríbhneoireachta an méid seo, agus is cinnte gur thuig Cumann Fealsúnach na hOllscoile (The Phil) é seo chomh maith nuair a thugadar cuireadh dó labhairt ag a ndíospóireacht sheachtainiúil. Ba cheart go ndéanfadh an pointe seo maolú ar fhearg ar bith faoi iompar O’Neill i ndiaidh na hócáide.

Tá suim ag cumainn ina mbranda féin a fhás, baill nua a mhealladh, agus poiblíocht ar bith a tharraingt chucu féin, suim atá eásca a thuiscint. Téann siad sa seans uaireanta leis an haidhmeanna thuasluaite a bhaint amach. Bíonn an riosca is dáinséaraí ag baint leis an luach is mór. Bíonn an an riosca is dáinséaraí ag baint freisin leis an cliseadh is mó, cliseadh gur féidir nimh san fheoil, droch-phoiblíocht, agus droch-cháil a bheith san áireamh.

ADVERTISEMENT

Ní hé an cur chuige anseo ná le hargóint a dhéanamh i gcoinne cuireadh a thabhairt d’aoichainteoirí conspóideacha. Baineann mic léinn taitneamh as ócáidí bríomhara, agus d’fhéadfaí a rá go bhfuil buntáiste ann dóibh tuairimí faoi leith nach n-aontaíonn siad leo a chloisteáil, le go bhféadfaidís a dtuairimí féin a bhunú. B’fhearr le cumainn chomh maith poiblíocht ar bith, seachas easpa den phoiblíocht chéanna.

Tá sé tábhachtach a chuimhneamh, chomh maith, de thoradh ar mhíchothromaíocht sa leibhéal cumhachta, nach bhfuil freagracht ar bith ag aoi-chainteoirí cáiliúla agus iad ag plé le cumainn mhic léinn. Tá tionchar i bhfad níos mó ag an gcuairteoir, agus tá sé feicthe againn go ndéantar go minic míúsáid a bhaint as an tionchar seo le féin-phoibliú a dhéanamh.

Sa todhchaí, ní dócha é go mbeidh athrú ar an gcaidreamh seo. Níl athrú ag teastáil, mar dhea, a fhad is go ndéantar machnamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na cinntí conspóideacha seo a dhéanann na cumainn. Tuigeann na cumainn rialacha an chluiche a imríonn siad. Ní cheart go mbeidh iontas ar éinne nuair a deir daoine conspóideacha rudaí conspóideacha.

Iarracht thútach crude attempt
cumann society
conspóideach controversial
maolú ar an bhfearg temper the anger
nimh san fheoil bad feelings
cliseadh disaster