Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 1, 2015

Deis á Cailleadh ag Coláiste na Trionóide Seasamh a Thógáil lena Airgead

Níl luíonn aincheist mhórálach na Trionóide ina infheistiú indíreach i mbreoslaí iontaise, ach sa deischostas atá ann gan seasamh a thógáil trí dhífheistiú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Mar fhreagra ar iarratas de shaoráil faisnéise, dúirt Ceann-Oifigeach Airgeadais na Trionóide, Ian Matthews, “cé nach bhfágann Polasaí Eitice an Choláiste ar lár infheistiú in aon earnáil faoi leith, ní dhéanann an Coláiste infheistiú díreach nó gníomhach i gcomhlachtaí breoslaí iontais agus geallann sé leanacht leis an straitéis seo”. Tá sé seo le moladh, ach is sleaschéim atá ann. Cé nach féidir leis an Ollscoil a smachtú cá háit go ndéanann na cistí a hairgead a infheistiú ann, is féidir léi an cinneadh a dhéanamh infhéistiú i gciste atá “glas” nó “glan” – ceann atá tar éis an cinneadh a dhéanamh nach bhfuil sé chun infheistiú a dhéanamh ach amháin i gcomhlachtaí eiticiúlal.

I gcomparáid le hollscoileanna atá na feachtais dhífheisithe tar éis dul i bhfeidhm go mór, tá Coláiste na Trionóide i suíomh níos fearr. Tá Harvard tar éis infheistiú díreach a dhéanamh, ar luach na milliún, i gcomhlachtaí breoslaí iontais. Ciallaíonn sé seo go bhfuil duine éigin in Harvard tar éis an cinneadh a dhéanamh infheistiú gníomhach a dhéanamh i mbreoslaí iontaise – toisc, mar a cheapfá, go gcreideann siad go mbeidh brábús maith ar seo. Leis na cinntí seo á gcur i gcomparáid le hinfheistiú na Trionóide i gcistí – ní dhéantar aon chuid de mhaoiniú €170 milliún na Trionóide a infheistiú i rud ar bith seachas comh-chistí roinnte – cuireann sé seo cuma níos neamh-chiontaí orainn.

É sin ráite, rialaíonn comh-chistí roinnte domhan an airgeadais. Ina iomlán, is iad na hinfheisteoirí is mó, déanann siad na cinntí sa mhargadh, agus is cosúil gurb iad siúd a dhéanann na cinntí go bhfuil buntáistí iontacha ann infheistiú a dhéanamh in ola, gás, agus gual, cé go bhfuil comhaontú domhanda ann maidir le athrú aeráide, agus cad atá mar chúis leis. Muna bhfuil duine ar bith ag rá leo go bhfuil a gcuid airgid á bogadh acu ón gciste toisc nár mhaith leo a bheith ag infheistiú go hindíreach i mbreoslaí iontaise, ní haon chúis go ndéanfaidh siad amhlaidh.

ADVERTISEMENT

De bharr infheistithe na Trionóide i gcomh-chistí roinnte, déantar €6.1 milliún de mhaoiniú na Trionóide a infheistiú go hindíreach i gcomhlachtaí bainteach le hola. Cé nach bhfuil sé go hiomlán mí-eiticiúil, b’fhéidir, de bharr nach bhfuil smacht ag an Ollscoil ar infheistiú na gcistí, bheadh sé mímhórálta dí gan seasamh a thógáil a bhféadfadh tionchar ollmhór a bheith aici: ní haon braon beag é €170 milliún, agus má bhogtar an méid seo ó chistí a dhéanann infheistiú i mbreoslaí iontaise, d’fhéadfadh sé teachtaireacht a sheoladh agus athruithe a chúisiú.

Aincheist – dilemma
Breoslaí iontaise – fossil fuels
Dífheistiú – divestment
saoráil faisnéise – freedom of information
Cistí – funds
Polasaí Eitice – Ethics Policy