Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 8, 2015

Deis ag Tionscnamh Oideachas na Trionóide Athruithe a Chur i bhFeidhm, ach is gá a Chinntiú gur an Cineál Ceart Atá Ann

Go hiondúil, tá mic léinn go dona agus iad i mbun chomhairliúcháin, ach chiallódh sé seo go gcaillfí amach ar dheis iontach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le Tionscnamh Oideachas na Trionóide ag staid an chomhairliúcháin, tá deis iontach ag mic léinn na Trionóide tionchar a bheith acu ar mhúinteoireacht sa Choláiste – cén ábhair atá á múineadh, conas go múintear muid, agus conas go ndéantar measúnú orainn. Go hiondúil, áfach, tá mic léinn go dona agus iad i mbun chomhairliúcháin, agus tá an dáinséar ann go gcaillfí amach ar an deis seo.

Tá gearáin ag gach uile dalta sa Choláiste maidir le reachtáil a gcúrsa féin, maidir le caighdeán nó déantús an mheasúnuithe, an déantús, nó an t-easpacht, d’fhoghlaim ar line, nó struchtúr na bliana acadúla. Déanfaidh an tionscnamh iarracht na fadhbanna seo a réiteach, ach ní féidir é a dhéanamh go héifeachtúil muna nglacann mic léinn páirt sa phróiséas. D’fhéadfadh nach n-éireoidh leis an tionscnamh gach fadhb atá sa Choláiste a réiteach, ach gan ionchar ón ngrúpa is mó de phobail na Trionóide, is beag seans a bheidh aige.

Cé nach dtógfar isteach móramh na moltaí láithreach, tá an cháil a bheidh ar an Ollscoil sa todhchaí thar a bheith tábhachtach do na mic léinn atá ann anois. Má leanfar leis an titim atá ag teacht ar cháil na Trionóide go hidirnáisiúnta, titfidh an cháil a bheidh ar ár gcéimeanna dá réir. Mar sin, tá sé mar bhuntáiste do gach mac léinn a chinntiú go mbeidh na céimeanna a thógann an Coláiste anois mar leasa dóibh sa todhchaí.

ADVERTISEMENT

Is dócha go bhfuil an dáinséar ann, gan dearcadh na mac léinn á thógáil san áireamh, go ndéanfar cinntí a bheidh i gcoinne a dtola. Tá faoi láthair, mar shampla, mandáid ag Aontas na Mac Léinn i bhfábhar scrúduithe um Nollaig – mandáid a thóg mic léinn isteach, mic léinn nach bhfuil sa choláiste a thuilleadh. Is mandáid í seo atá a bhféadfadh go bhfuil i gcoinne na dtola atá ag na mic léinn atá sa Choláiste faoi láthair.

Gan trácht ar rud ar bith eile, muna théann mic léinn i ngleic le tionscnamh chomh tábhachtach leis seo, breathnóidh an Coláiste ar mar chúis gan cheist a chur faoina dtuairimí a thuilleadh – agus is rud thar a bheith dáinséarach a bheadh ansin.

I gcoinne a dtolaagainst their will
Leasabenefit/welfare
An t-easpachtthe lack
Comharliúchánnegotiation
Dul i ngleicto engage
Measúnúassessment