Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 1, 2015

Fadhbanna WiFi na Trionóide Tar Éis Pointe na Seafóide a Shroicheadh

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I gColáiste na Trionóide, tá céimlathas ár riachtanais tógtha ar bhunús lochtach. Tá an WiFi, bun-riachtanas ár saoil, ag caighdeán chomh híseal sin gur chonacthas daltaí an Choláiste ag tabhairt airde agus ag tógáil nótaí i léachtanna.

In aois ina chaitear ár saoil sa domhan digiteach, gan caighdeán shásúil WiFi is minic go mbíonn an tsreachailt dodhéanta a shárú. D’fhéadfaí an droch-chaighdeán seo a mhíniú de bharr go bhfuilimid suite i gcroílár de phríomhchathair na tíre, an áit ina bhfuil an infrastructúr gréasáin is fearr ar fáil, is muid an coláiste is fearr cáile agus is mór le rá sa tír, agus is í an bhliain 2015. Seachas, nach féidir.

I radharcanna a chuirfeadh na 90idí i gcuimhne duit de bheith ag iarraidh an t-idirlíon a nascadh leis an nguthán tí, chonacthas mic léinn lena ríomhairí glúine á gcrocadh acu taobh amuigh den fhuinneog, ag creathadh na ngléasanna go feargach, agus ag déanamh deasghnáth págánacha in iarrachtaí nasc a dhéanamh le “TCDwifi”. Nó an é “TCDguest”? Nó “eduroam”? Ní fios do dhuine ar bith. Faoi dheireadh, bíonn ar dhaoine nasc a dhéanamh le comharsan atá tar éis a phointe soghluaiste rochtana a fhágáil ar oscailt. Deirtear go bhfuil “Brian/Mary/Conor’s iPhone” ag déanamh mórán daoine a iompar tríd an gcoláiste.

ADVERTISEMENT

Tá clinicí Wifi na Trionóide anois ina gclinicí cearta – is ann a théann mic léinn, trína chéile i ndiaidh dóibh athnuachan a dhéanamh ar an nasc gréasáin ar feadh dhá uair déag an chloig, nó ag fulaingt crá croí i ndiaidh an “Bradford Dissolvable test” a theipeadh thart ar fiche-n-uaire, le cabhair agus faoiseamh a fháil. Glactar leis, áfach, go gcuirfidh ath-bhrandáil radacach “IS Services” deireadh leis na fadhbanna seo. Trí an “S” athrú go “T” bheadh súil ann go réiteofar fadhbanna nascachta na mac léinn.

Tá WiFi chomh tábhachtach céanna leis na leabhair atá ar sheilfeanna i leabharlann na Trionóide, nó an t-iliomad plócóid a deirtear go bhfuil ar fáil sna hollscoileanna eile sa tír. É sin ráite, nuair a rinne “IT services” uasghrádú ar phointí rochtana an Choláiste thar an samhradh, ní hoibríonn an WiFi a thuilleadh i slí seasta gur féidir braith air.

Le go mbeadh Coláiste na Trionóide iomaitheach mar choláiste nua-aimseartha agus nuálach, tá WiFi riachtanach, go háirithe ag caighdeán nach dtiteann isteach agus amach, a chailleann nasc ag raon an-íseal, agus atá céim sa Ríomheolaíocht ag teastáil le nasc a dhéanamh.

Céimlathas – hierarchy
Riachtanach -neccessity
Rochtan – access
Gréasán – Web
Athnuachan – refresh
Plocóid – plug