Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 8, 2015

Failtítear Roimh Ghníomhaíochtaí an Choláiste Maidir le Fadhb an Lóistín, ach Gá le Tuilleadh Cumarsáide

Léiríonn an dul chun cinn le déanaí go bhfuil leasa na mac léinn níos tábhachtaí ná cúrsaí airgeadais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an nuachtán seo tar éis a bheith cáinteach maidir le freagra na Trionóide ar fhadhb fhad-bhunaithe an lóistín. An tseachtain seo, áfach, tá sé in am dúinn aitheantas a thabhairt do ghníomhaíochtaí dearfacha na hollscoile maidir leis an bhfadhb chéanna.

D’fhoghlaimíomar ar an Aoine gur bhunaigh an Coláiste coiste stiúrtha lóistín bliain ó shin, leis an Provost mar chathaoirleach. Ar an lá céanna, chuir an coiste isteach ar cheadúnas pleanála do thionscnamh lóistín Oisín House, ar chostas €52 milliún. Beidh ann 280 seomraí leapa, mar aon le spás don tseirbhís mhí-chumas, an t-ionad sláinte, agus do na clubanna spóirt a bheidh gan áitribh i ndiaidh leagan go talamh Luce Hall. Dúirt Déan na Mac Léinn, an t-Ollamh Kevin O’Kelly, le The University Times, go bhfuil sé mar phlean ag an gColáiste bréag-sheomraí leapa a thógáil go luath i 2016, ionas gur féidir le mic léinn aiseolas a thabhairt maidir leis an dearadh. Deir sé, “Muna fhaighimid i gceart é seo, fanfaidh mic léinn ina seomraí ag breathnú ar Netflix”.

Idir an dá linn, tá an coiste go fóill ag cuardach go seachtrach agus tá sé shuíomh i lár na cathrach ar ghearrliosta acu do thuilleadh lóistín, iad ar fad laistigh de chúig nóiméad déag ón gcoláiste, ar mhodh iompair ar bith. Dúirt O’Kelly le The University Times go bhfuil an coiste tar éis cailleadh amach ar shuíomhanna eile go sainiúil de bharr go raibh cíos íseal in intinn acu a ghearradh ar mhic léinn.

ADVERTISEMENT

Tá an dul chun cinn seo le moladh, ní hamháin de bharr an méid atá mar sprioc acu, ach sa tslí ‘s go bhfuil sé ar intinn acu é a dhéanamh. Is freagra díreach é ar riachtanas na mac léinn. In ionad a bheith i mbun na baothchainte, agus locht a chur ar an easpa maoinithe ardoideachais, tá an Coláiste – tríd an gcoiste stiúrtha lóistín – tar éis cinntí a dhéanamh, atá deacair go praiticiúil agus ó thaobh airgeadais de, ach atá ar son leasa na mac léinn.

Is í an bhuairt anois, nach ndéanfar na hiarrachtaí seo a chur in iúil do na mic léinn. Cúis amháin leis seo ná go gcaillfí an Coláiste cumhacht mhargála in idirbheartaíocht ar bith eastát réadach má thuigeann gnólachtaí príobháideacha go bhfuil Coláiste na Trionóide tar éis an cinneadh a dhéanamh tionscnamh ollmhór a thosnú laistigh de raon teoranta. Ach ní chuirfeadh ráiteas simplí maidir leis an gcoiste stiúrtha lóistín é seo i mbaol. Bíonn mic léinn ag gearáin go minic – agus ceart acu – maidir le easpa gníomaíochta an Choláiste ar cheisteanna móra. Sa chás seo, áfach, agus is dócha é i gcásanna eile chomh maith, is í an fhadhb ná an t-éaspa cumarsáide. Ní féidir le mic léinn an Coláiste a mholadh muna bhfuil siad ar an eolas maidir leis an dul chun cinn.

Baothchaintrhetoric
Aiseolasfeedback
Lóistínaccommodation
Stiúradhto steer
Cumarsáidcommunication
Cumhacht mhargálabargaining power