Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 23, 2015

Gan Seasamh ar Bith ar Scéim Iasachta, Ní Féidir le TCDSU a Fheidhm Bhunúsach a Chomhlíonadh

Ní féidir le TCDSU dul i ngleic leis an díospóireacht maidir le tuairisc an ghrúpa oibre atá ag teacht go luath - rud a bhféadfadh an cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfadhb is mó mac léinn le tamaill.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le teipeadh an rúin Dé Máirt ag cruinniú comhairle Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) – rún ag lorg seasaimh i gcoinne na scéime iasachtaí atá á cur chun cinn ag an rialtas – táimid, mar mhic léinn, fágtha in umar na haimiléise. Táthar ag súil go gcuirfidh an grúpa oibre rialtais an scéim iasachta seo chun cinn, i dteannta le méadú i dtáillí theagaisc, agus tá ionadú á dhéanamh anois ag aontas orainn gan seasamh le rud ar bith a dhéanamh faoi. Ní hamháin nach bhfuil seasamh ag an aontas i gcoinne na scéime iasachtaí, ach, ó 2011, níl aige ach oiread seasamh i gcoinne tháillí d’aon slí.

Is í príomhfheidhm an aontais ná le ionadú a dhéanamh ar a bhaill. Agus is í príomhfheidhm aontas na mac léinn ná le ionadú a dhéanamh ar mhic léinn. Is cúis áiféise í nach féidir le TCDSU ionadú a dhéanamh ar mhic léinn ar fhadhb faoi leith a bheidh rí-thábhachtach do mhaoiniú an ardoideachais sa tír seo sa todhchaí. Tá móramh na bhfadhbanna atá tar éis teacht chun cinn in ollscoileanna Éireannacha – na fadhbanna a mbíonn mic léinn ag gearáin futhu – ná de bharr fadhbanna ag baint le maoiniú an ardoideachais. Tá sé seo é féin de bharr laghdú sa chiste airgeadais atá ar fáil d’ollscoileanna sa tír seo ón gcliseadh eacnamaíochta ar aghaidh. Mar sin, tá an deis ag tuairisc an ghrúpa oibre ardoideachais le mórán fadhbanna a réiteach. Faraor, tá aige chomh maith an deis le mórán fadhbanna a chuisiú, go háirithe de bharr na gcúinsí mar atá siad in Éirinn, sa tslí is go nglacann daoine gur cheart don oideachas a bheith saor in aisce i ndomhain “ídéalach”, ach a áiteann go bhfuil sé míréalaíoch a bheith ag súil leis seo – in ainneoin go bhfuil sé i bhfeidhm i ngach tír EU eile, seachas an Ríocht Aontaithe. Toisc, munar féidir le oideachas a bheith saor in aisce, caithfidh duine éigin íoc as.

Is í, mar sin, an fhadhb is mó bainteach le mic léinn i dtamaill de bhlianta. Na trí sheachtainí atá romhainn – sula bhfoilsíonn an grúpa oibre a thuairisc – d’fhéadfadh gur seachtainí tábhachtacha a bheadh iontu le feachtas láidir i gcoinne na scéime iasachtaí agus táillí theagaisc a thógáil. Chomh maith leis sin, ní hí gach bliain í go bhfuil uachtarán againn le próifíl náisiúnta – uachtarán le mianach faoi leith le dul i bhfeidhm ar pholasaí mar seo. Ach anois, ní hamháin go gcailleann an t-aontas deis mhór le tionchar a bheith aige sa díospóireacht seo, ach freisin lena phríomhfheidhm bhunúsach a chomhlíonadh.

ADVERTISEMENT

RunMotion
Cruinniú ComhairleCouncil Meeting
Scéim Iasachta LoanScheme
Táillí TheagaiscTuition Fees
IonadúRepresentation
CúinsíCircumstances