Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 29, 2015

Íocann Mic Léinn Táillí Difriúla, Ach is Ceart Caitheamh Leo sa Slí Céanna

Ní thógann mórán daoine faoi ndeara an chúis go mothaíonn mic léinn neamh-EU ar nós “saoránaithe ar an dara grád”.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I gColáiste na Tríonóide, íocfaidh gnáth-mhac léinn ealaíona neamh-EU táillí de €16,925 in aghaidh na bliana, le mic léinn leigheas agus fiaclóireachta ag íoc suas le €30,000. Níl na mic léinn seo incháilithe go n-íocfaidh an t-Údarás Ardoideachais (HEA) as a gcostaisí teagaisc, agus tá luach na dtáillí neamh-EU leagtha síos ag na coláistí éagsúla, ag braith ar a rogha féin.

Don chuid is mó, tá cuma chothrom ar an difríocht seo idir mhic léinn EU agus neamh-EU, sa slí is nach bhfuil mic léinn neamh-EU ná a gclanna tar éis rud ar bith a íoc isteach sa chiste cánach a úsáidtear le híoc as ardoideachas na tíre. Déanann sonraí sainiúla an tsocraithe seo soiléir, áfach, na cúiseanna go mothaíonn mic léinn neamh-EU go minic fágtha ar lár, agus nach bhfuil maitheas leo ach amháin leis an airgead breise a íocann siad.

Toisc nach dtiteann mic léinn neamh-EU faoi chúram an HEA, fágtar iad leo féin i gcoinne fadhbanna airgeadais i slite atá deacair a thuiscint do mhic léinn Éireannacha. Níl fáilt ar bith acu do dhíolúine tháillí, fiú i gcásanna ina bhfuil éigeandál sláinte nó deachrachtaí le tinneas intinne i geist.

ADVERTISEMENT

Lena linn sin, tagann an t-ardú molta sna táillí go gairid i ndiaidh ardú trí faoin gcéad an bhliain seo caite agus ardú cúig faoin gcéad sa bhliain roimhe sin. I dtéarmaí iomlánacha, tá na táillí a íocann mac léinn leighis cheana féin tar éis ardu níos mó thar dhá bhliana ná luach iomlán táille sintiúis na mac léinn. Tagann na harduithe seo de thoradh ar thoil Choiste Airgeadais an Choláiste, nach bhfuil ach ionadaí amháin ar son na mac léinn aige – uachtarán ar Aontas na Mac Léinn, Coláiste na Tríonóide.

In ainneoin iarrachtaí an oifigigh aonaránaigh seo, tá sé deacair a shéanadh nach bhfuil sna mic léinn neamh-EU ach mar smaoineamh dearmadta do TCDSU. Dhá bhliana ó shin, d’fhreagair an t-uachtarán ar Aontas na Mac Leinn ag an am, Tom Lenihan, ar ardú sna táillí leis an ráiteas: “ tá an leibhéal riosca go gcuirfeadh sé seo drogall ar mhic léinn idirnáisiúnta íseal”. B’é seo an fhreagra a bhí ag an t-aon ball ar an gCoiste Airgeadais atá i gceannas ar ionadú a dhéanamh ar gach mac léinn.

Is í sin an fhadhb bhunúsach. San ollscoil seo, teipeann ar dhaoine go minic smaoineamh go soléir ar an slí go bhfeicfear ar na heachtraí seo ó mhalairt de sheasamh. Glactar leis an tuairim gur cheart go mbeadh na mic léinn neamh-EU buíoch as socrú níos fearr a fháil anseo, ná mar a bheadh acu ina tír féin – rud nach bhfuil i gcónaí fíor – agus tríd an loighic sin, bheadh údarás ag baint le hardú ar bith sna táillí. Ach más fíor go bhfuil an ilchineálacht tábhachtach don ollscoil agus dá Aontas, is gá athmheasúnú a dhéanamh ar an tuairim sin. I ndiaidh go mbeidh cúis cheart tugtha don éagsúlacht sna táillí, is ceart an dínit agus an meas céanna a thabhairt do gach mac léinn.

Incháilitheeligible
Athmheasúnúreevaluate
Ilchineálachtdiversity
DíolúineExemption
Táille sintiúis na mac léinnstudent contribution charge
Údarásauthority