Comment & Analysis
Dec 8, 2015

Cothrom na Féinne i leith na Gaeilge ag Teastáil agus Muid ag Déileáil leis na hEalaíona

Tar éis na gluaiseachta #WakingTheFeminists, is gá aitheantas a thabhairt don neamhaird náisiúnta a thugtar do mháistrí litríochta na Gaeilge sa tír seo.

Colm Ó NéillEagrathóir na Gaeilge

Ba sheachtain achrannach a bhí ann i saol na n-ealaíon in Éirinn. Le pléascadh an haischlib #WakingTheFeminists, tugadh chun suntais an éagrothoime inscne atá ag crá earnáil drámaíochta na tíre. Ach dearmadfar gurb iad Gaeilgeoirí a d’aithin ar dtús báire na fadhbanna ag baint le réimse na ndrámaí a bheidh á léiriú ag Amharclann na Mainistreach an bhliain seo chugainn. Ní raibh oiread agus dráma amháin as Gaeilge ar an gclár, agus nuair a thógtar faoi ndeara an bhliain stairiúil atá romhainn i leith na teanga le comóradh 1916, léiríonn sé seo easpa tuiscine ar an dualgas cultúrtha a luíonn ar dhroim na hAmharclainne. Agus gur scaipeadh an haischlib #WakingTheGael níos forleithne ar na meáin shóisialta, cuireadh iallach ar Bhord agus Stiúrthóir na hAmharclainne Fiach Mac Conghail ráiteas a eisiú, ag aithint na fadhbanna ag baint le heaspacht na Gaeilge ar an gclár.

In ainneoin scil agus oidhreachta na scríbhneoirí, na bhfilí, na n-aisteoirí, agus na ndrámadóirí Gaelacha sa tír seo, níl suntas tugtha dóibh go náisiúnta

Is léir domsa go nochtaíonn sé seo fadhb níos doimhne i leith na Gaeilge agus na healaíona. In ainneoin scil agus oidhreachta na scríbhneoirí, na bhfilí, na n-aisteoirí, agus na ndrámadóirí sa tír seo a chleachtaíonn a gceird trí mheán na Gaeilge, níl suntas ar bith tugtha dóibh go náisiúnta. Tá meon fadbhunaithe i leith na rannóige seo, nach fiú an tábhacht nó an moladh céanna dóibh, de bharr na teanga a úsáideann iad. Thar na blianta in Éirinn bhí scríbhneoirí ann as Gaeilge a bhí i bhfad chun tosaí ar an am, a bhí fórásach ina gcuid oibre, agus a chruthaigh sár-shaothar fileata. A leithéidí Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Caidhin, Pádraig Ó Conaire, Máirtín Ó Díreáin, Máire Mhac an tSaoi, Seán Ó Riordáin, agus níos déanaí a leithéidí Micheál Ó Conghaile, Áine Ní Ghlinn, Caitlín Maude, Alan Titley, agus Nuala Ní Dhomhnaill. Ach ní fheicfeá ainmneacha na scríbhneoirí seo ar bhallaí na gcathracha “Is anseo a rugadh an t-údar…”, nó ní choisfeá a saothair á mholadh ar chomhchéim le scríbhneoirí Béarlacha na tíre.

ADVERTISEMENT

Cad atá á chailleadh againn má haistrimid gach saothar Gaelach isteach go teangacha atá níos inscroichte do dhaonra níos mó?

Ag ócáid “Idir Teangacha” an tseachtain seo caite san Amharclann Smock Alley, pléadh an ról atá ag aistriúchán i gcur chun cinn na n-ealaíon as Gaeilge. Phléigh Eagarthóir le Cló Iar-Chonnacht, Lochlainn Ó Tuairisg, ráiteas an scríbhneora Anne Enright, nuair a dúirt sí nach raibh an ghearrscéalaíocht ann as Gaeilge. Tá sé do-shéanta gur ráiteas aineolach go leor é seo – chruthaigh a leithéidí Liam Ó Flaithearta, An Piarsach, agus Ó Conaire genre na gearrscéalaíochta in Éirinn. B’fhéidir nach raibh daoine cosúil le hEnright nochtaithe leis an gcineál litríochta seo, de bharr laige a dteanga féin, nó cuinsí eile. Ach cad atá á chailleadh againn má haistrímid gach saothar Gaelach isteach go teangacha atá níos insroichte do dhaonra níos mó? An gcúiseodh sé bás na teanga toisc go ndéanfadh daoine an cinneadh léamh trí Bhéarla?

Fear le tuiscint dho-sháraithe ar an ábhar ná an t-Ollamh Alan Titley, a d’aistrigh ‘Cré na Cille’ le Máirtín Ó Cadhain go Béarla – ‘The Dirty Dust’. Dar leis, nach mbeidh an tsaibhreas chéanna ag baint leis an aistriúchán, mar shampla ó thaobh na n-eascainí de – má aistrítear “Seacht Mallacht Dé ort” go “Fuck you” is léir go bhfuil rud éigin á chailleadh. Dar leis féin go raibh tóir níos mó ar a leabhar i dtíortha thar sáile, agus d’éirigh leis i bhfad níos mó poiblíochta a aimsiú sna meáin i bhfad i gcéin ná siúd atá ar leac an dorais.

Is dócha go luíonn sé seo leis an meon tarcaisneach atá againn i leith an teanga agus ár gcultúr féin ar uaireamh sa tír seo. An phóit chóilíneach a ghlaotar air go minic, bunaithe in easpa féin-mhuiníne chultúrtha an daonra. Cibé atá ann, rud amháin atá riachtanach dul i ngleic leis, go háirithe i mbliain an chomóraidh 1916, ná gur gá cothrom na féinne a thabhairt dár dteanga náisiúnta agus muid ag déileáil le hanam agus féiniúlacht na tíre- na healaíona.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.