Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 7, 2015

Éascaíonn Dearcadh Aibí na Tríonóide i leith an Chomóraidh 1916 le Plé Aibí a Chur Chun Cinn

Trí dhíriú ar an réabhlóid cultúrtha, fáilteofar roimh réimse níos leithne de mhic léinn chun an chomóraidh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le seoladh chlár ócáidí na Tríonóide leis an Éirí Amach 1916 a chomóradh an tseachtain seo caite ag Heather Humphreys, Aire na hEalaíona, Oidhreachta, agus Gaeltachta, tá plé maidir le conas go ndéanfar an t-Éirí Amach a chomóradh tosaithe i gceart. Bhíodh caidreamh casta i gcónaí ann idir an Coláiste agus oidhreacht an Éirí Amach, agus tá caint maidir le míchompord na mac léinn Sasanacha atá san ollscoil, agus iad ag súil leis an gcomóradh céad bliain. Sa chlár é féin, “Trinity and the Rising”, tá béim faoi leith ar an taobh culturtha den Éirí Amach, a fhailteoidh roimh thuairimí agus oidhreacht na mac léinn ar fad.

D’éirigh le rún maidir le tionscnamh comóradh céad bliain 1916, tiomanta ag na mic léinn, ag comhairle Aontas na Mac Léinn (TCDSU) níos luaithe i mbliana, rud a thaispeánann toil na mac léinn le dul i ngleic leis an gcomóradh. Tá éagsúlacht faoi leith ann sa thionscnamh, stiúrtha ag mac léinn i dtríú bhliain stair agus polaitíocht Liam Crowley, rud atá in ainm agus plé maidir leis na nithe cultúrtha a bhaineann leis an Éirí Amach a thosnú, go háirithe an teanga agus an ceol.

Chiallaigh suíomh lárnach na Tríonóide gur úsaideadh an campas mar bheairic an Choróin. Is de bharr go bhfuil an stair ilchineálach seo ann, chomh maith leis an gcaidreamh leanúnach idir mhic léinn Shasanacha agus an Ollscoil, go bhfuil gá le comóradh níos tuisciní den Éirí Amach é féin. Fé mar atá an comóradh céad bliain ag druidim linn, bhí tuairim faoi leith i measc roinnt mac léinn d’oidhreacht Sasanach gur am míchompórdach a bheadh ann dóibh. Ach trí réimse leathain d’ócáidí, idir léachtanna, turais choisíochta, agus díospóireachtaí, beidh béim faoi leith ar an réabhlóid chultúrtha seachas an réabhlóid fhisiciúil, agus fáilteofar roimh a thuilleadh mic léinn sa phlé.

ADVERTISEMENT

Thóg an t-Aire Heather Humphreys faoi ndeara go gcuirfidh mic léinn agus baill foirne na Tríonóide “na ceisteanna deacra”, agus mhol sí an clár “cruthaitheach”. San Ollscoil, áit ina bhfuil an malartú de thuarimí agus smaointí rí-thábhachtach, go háirithe d’fhorbairt na mac léinn, tá an deis le dul i mbun díospóireachta riachtanach. Téann an caidreamh idir Éirinn agus an Bhreatain go smior le stair na hOllscoile. De bharr sin, taispeánann cur chuige tuisceanach an chomóraidh 1916 aibíocht féiniúlachta, a fhailtíonn roimh chuile dhalta chuig an bplé.

Aibíochtmaturity
Féiniúlachtidentity
Réimserange
Toilwill
Tuisceanachunderstanding
Comóradhcommemoration