Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 7, 2015

Tá Sé Áiféiseach Nach Bhfuil Táillí Saor in Aisce á bPlé in aon chor

Toisc gur ceann den uimhir bheag de thíortha aonaracha san Eoraip muid nach bhfuil táillí saor in aisce i bhfeidhm, is iad na daoine a deir gur córas míréalaíoch nó áiféasach é atá cuma sheafóideach orthu.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I mí Mheán Fómhair, thug Bord Eagarthóireachta The University Times foláireamh nár cheart dúinn a bheith ag súil le “rud ar bith nuálaíoch ón ngrúpa oibre maoinithe ardoideachais” – ag maíomh go raibh sé soiléir anois “gurb é an t-aon mholadh faoi scrúdú ceart ná comhcheangal de tháillí teagaisc agus scéim iasachta”.

Ó shin ar aghaidh, tá gach comhartha ón ngrúpa oibre, nó ó siúd a bhí ag dul i ngleic leis, ag teacht chuig an gcríoch chéanna. San eagarfhocal céanna, tugadh faoi ndeara go raibh cuma loighciúil air gan ach rudaí a thógáil san áireamh a d’oibrigh i dtíortha eile – rud a chiallaíonn nach dtógfar a leithéidí cáin céimí san áireamh – teipeann ar a thabhairt faoi ndeara, áfach, dá mba rud é go ndéanfar é seo gach uair go raibh gá le réiteach ar fhadhb faoi leith, ní bheidh againn ach leagan de rud a cuireadh i bhfeidhm in áit eigin eile – athrú beag ar mholadh a bhí ann cheana. Mar a dúirt an Fealsúnaí Brasaíleach Roberton Unger, tá “creideamh caillte againn sna tuiscintí móra atá ar fáil dúinn den slí go gcuirtear athrú i bhfeidhm sa stair”, toisc go bhfuil an nós againn titim siar ar “choincheap truallaithe de réalaíochas polaitíochta”, rud a fheictear sa slí is nach bhfuil togra réalaíoch ach “sa mhéid is a éiríonn leis teacht i ngiorracht leis an méid atá ann cheana”.

Bhí an t-argóint seo oiriúnach nuair a bhí an grúpa oibre ag an stáitse comhairliúcháin, ach bheadh sé go deas a cheapadh go dtiocfadh an grúpa oibre ar smaoineamh nuálaíoch, seachas moladh a phiocadh ón gcarn de mholtaí atá feicthe againn in áiteanna eile.

ADVERTISEMENT

Fiú sa chás sin, áfach, ní gá don ghrúpa oibre teacht ar rud éigin thar a bheith nua, no nuálaíoch, mar dhea, toisc go bhfuil réiteach ann cheana den fhadhb. Tá an tíre seo sa tarna háit ó thaobh na táillí teagaisc is airde san Eoraip. Tá foirm éigin de oideachas saor in aisce ag gach uile tír san Eoraip. Sa Ghearmáin, mar shampla, atá rialtas coimeádach, ar an eite dheis, i gcumhacht, d’éirigh leo fáil réidh le táillí teagaisc go hiomlán an bhliain seo caite – do mhic léinn AE agus idirnáisiúnta.

Cinnte, tá Éire i suíomh éagsúil eacnamaíochta leis an nGearmáin – ach nuair a fheicimid é á chur i bhfeidhm gan ruaille buaille ar bith in áiteanna éagsúla, cuireann sé cuma mhíréasúnta orthu siúd a deir go bhfuil taillí saor in aisce míréalaíoch nó seafóideach. Deirtear linn go bhfuil an borradh fás is tapúla againn san Eoraip. S’í an chaoi nach bhfuil táillí saor in aisce faoi chomhairliúcháin in aon chor an rud atá seafóideach anseo.

Míréalaíochunrealistic
Seafóideachridiculous
Míréasúntairrational
Borradhgrowth
Táillí teagaisctuition fees
Comhairliúcháinconsultation