Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 29, 2016

Ba Cheart go mbeadh Meabhrúchán ar Chumas Daoine Óga Athrú a Bhaint Amach atá in Éirí Amach 1916

Ta comhthorthaí do dhaoine óga ag an reifreann chomhionannais pósta agus Éiri Amach na Cásca. Anois, ní mór dúinne troid.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Céad blianta ó shin, bhí ról tábhachtach ag daoine óga agus iad ag cur túis leis an obair chun saoirse na hÉireann a bhuachan. Ní raibh Edward Daly, duine de na ceannairí a chuireadh chun báis, ach 25 bliana d’aois, comh maith le Seán Heuston. Bhí Michael Collins den aois chéanna. Bhí Joseph Plunkett, duine a shínigh an forógra, 27 bliana d’aois. Ba é Seán Lemass duine óg an-cháiliúil a bhí ag rannphairtíocht le linn an Éirí Amach. Tugadh gránghunna dó nuair a bhí sé 16 bhliana d’aois agus dúradh leis suíomh a thógáil ar dhíon Ard-Oifig an Phoist. De bharr a óige, ligeadh Lemass amach tar éis míosa amháin i bpríosún. Sa bhliain 1959, toghadh é mar Thaoiseach.

Ar feadh na staire, bhí daoine óga ar thús cadhnaíochta maidir le hathrú agus dul chun cinn. An cuid is mó den ama, níl ag teastáil ach go bhfuil a fhios acu go bhfuil siad in ann athrúchán a chur i bhfeidhm. Tá stair ag gluaiseacht na mac léinn, go háirithe, maidir le máirseáil agus brústocaireacht a dhéanamh ar son rochtana comhionann agus cearta vótála na mban, agus tá mac léinn ag iompar rudaí mar chearta ghinmhillte le blianta anuas. Ag an reifreann chomhionannais pósta i mí Bhealtaine an bhliain seo caite, meabhraíodh d’Éirinn an cumas atá ag daoine óga – an ról atá againn sa tsochaí. Faoi láthair dealraíonn sé go bhfuilimid réidh bheith inár réamhtheachtairí ar an bhfeachtas “Aisghair an t-Ochtú Leasú.”

Cé go ndealraíonn sé go ndeachaigh daoine óga leis an ollthoghchán a bhí ar siúl an mhí seo caite ó thaobh vótála de, ta mórán fianaise ann a chuireann in iúl nach bhfuil siad fós tar éis dul le roinnt de na buncheisteanna náisiúnta a bhfuil tábhacht dhíreach acu ar a saolta. De réir comháirimh tuairimí míle mic léinn ag Coláiste na Tríonóide, tá a chuma ar an scéal go vótálfaidís don chuid is mó mar a vótálfadh an daonra iomlán, dá ligfeá ar thaobh amháin an tacaíocht níos mó a thabharfaidís do na Social Democrats. Bhí sé ar intinn ag ceathrú na mac léinn sin vótáil do Fhine Gael, an páirtí a bhí ar tí gealladh scéim iasachtaí rialtais a chur i bhfeidhm.

ADVERTISEMENT

Bhí spriocanna idéalaíocha i bhforógra 1916, ach bhí siad uasal agus ciallmhar ina theannta sin. Cheangal sé Éire le vótáil chomhchoitianta, rud a bhí thar a bheith annamh sa domhan. Gheall an forógra cearta agus deiseanna comhionainne do dhaoine i ngach coirneáil den tír, rud nach bhfuil cuimsithe againn fós go hiomlán anois, céad bliain ina dhiaidh sin. Tá cuid mhór de bharrshamhlacha an fhorógra neamhchomhlíonta sa bhealach chéanna.

Tá a fhios ag daoine óga anois faoi cé chomh éasca atá sé rudaí a athrú, má théann tú i ngleic leis – agus níl an foréigean riachtanach in Éirinn an lae inniu. Anois is leosan na cúrsaí atá tábhachtacha dóibh a roghnú agus troid ar a son.