Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 20, 2016

B’fhéidir go mbeidh de reir Ranguithe a Chuimhneofar ar an bPropast

Déanfar gné lárnach den bhealach ina fheidhmíonn Coláiste na Tríonóide de ranguithe agus tá rian inmhothaithe gur de réir é sin a chuimhneofar ar Prendergast.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

In alt tuairime i the Irish Times a fhoilsíodh i Meán Fómhair, d’fhógair John Boland, Déan na Taighde Nua go bhfuil tábhacht bhunúsach ag ranguithe d’earnáil oideachais Éireannach, agus chuir sé an cuid is mó den milleán faoi mheath Choláiste na Tríonóide i Rangú QS ar an gcóras mhaoinithe áibhéiseach. Bhí an maolú agus measarthacht a chuireadh in iúl go minic nach bhfuil an scéal iomlán faoi chaighdeáin oideachais á insint ag na ranguithe in easnamh go soiléir san anailís a dhearna sé air sin. Bhain sé sin preab uafásach as lucht Choláiste na Tríonóide gan amhras ar bith.

De bharr na straitéise ollmhóire nua maidir le ranguithe atá á chur le chéile ag Coláiste na Tríonóide, straitéis a bheidh lán go béal, de réir dealramh, le moltaí maidir le díriú inmheánach maoinithe, is féidir bheith cinnte go mbeidh áit lárnach ag ranguithe maidir leis an mbealach ina fheidmeoidh an ollscoil sin sna blianta atá amach romhainn.

Ní bheadh sé á rá ag éinne gur gá neamhaird iomlán a dhéanamh ar rangú na hollscoile sa chomhthéacs idirnáisiúnta, agus is iomaí ceachtanna úsáideacha atá le foghlaim uathu ó thaobh éifeachtúlacht na straitéise atá á chur i bhfeidhm i gColáiste na Tríonóide de. Ach is cúis imní í seo mar, in áit cinnidh a dhéanamh ar an sórt ollscoile atá ag teastáil uainn nó ar leanúint ar aghaidh leis na hairteagail creidimh atá ag croílár Choláiste na Tríonóide le 400 blianta anuas, rud a chuirfeadh feabhas ar rangú an Choláiste gan amhras, táimid ag ligint do dhá thacar sonraí subiachtúla cinneadh a dhéanamh ar ár gcinniúint, agus ar ár bhféinthuiscint mar ollscoil.

ADVERTISEMENT

Cuimhnítear ar phropaist go hairithe de réir an mhéid atá déanta acu i meánbhlianta a réime 10 mbliain, tar éis tréimhse chuibhithe. Tá baint mhór ag an bpropast roimhe seo, John Hegarty, le struchtúr na ndámh a athrú go mór sa bhliain 2008. Tom Mitchell a bhí i réim roimh Hegarty, a d’eagraigh forbairt mhór foirgneamh sa Choláiste, agus bhí cuid mór de na foirgnimh sin maoinithe ag Atlantic Philanthropies. Roimh Mitchell, b’é Bill Watts Propast an Choláiste, a chuimhnítear air de bharr a n-ullmhúchán do chuimhmneachán 400 bliain bunaithe Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1992.

Cé go raibh na forbairtí maidir leis na ranguithe ag tolgadh roimh thúis réime Patrick Prendergast sa bhliain 2011, tá sé an-soiléir go gcuimhneofar air sin mar ghné lárnach dá réime. Dfhéadfadh aithne a bheith air mar an fhear a dheimhnigh gurb iad ranguithe idirnáisiúnta a smachtódh an sórt ollscoile a bheadh i gColáiste na Tríonóide.