Comment & Analysis
Mar 16, 2016

Ceachtanna le Foghlaim ag lucht Sheachtain na Gaeilge ón gComhphobal Idirnáisiúnta

Tugann Christopher McMahon aghaidh ar na féilte ilchineálacha a chuireann mionteangacha chun cinn ar fud an domhain agus na difríochtaí agus cosúlachtaí le Seachtain na Gaeilge atá le feiceáil.

Christopher McMahonEagarthóir na Gaeilge
blank
Cosúil le Seachtain na Gaeilge, tá ról mór ag Éigse na Tríonóide maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn
Sam McAllister for The University Times

Le teacht na Márta, feictear athruithe móra sa thírdhreach timpeall an Choláiste. Bhí sé á rá agam go raibh an t-earrach, tar éis túis stadaigh i mí na Feabhra, ag dul i bhfeidhm, beagáinín ar a laghad, ar na faichí ar fud an Choláiste, ach is léir nach bhfuil sé sin fíor ar chor ar bith, go háirithe tar éis an sneachta a bhí ann seachtain nó dhó ó shín. Ar aon nós, cé nach bhfuil an timpeallacht nadúrtha ag éirí níos glaise, is dócha go mbeidh an timpeallacht cultúrtha brata leis an dath sin le linn na seachtainí atá amach romhainn agus Lá Fhéile Phádraig ag druidim linn go tapaidh, agus is cinnte go mbeidh an fhéile sin ag múscailt mórán sceitmíní i measc an phobail.

Agus tá cúis maith leis sin, nuair a smaoinítear ar an réimse fíorleathan ócáidí atá á reáchtáil ag eagraíochtaí teanga éagsúla, Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus An Cumann Gaelach TCD ina measc. Le linn Seachtain na Gaeilge, in ainneoin an ainm beagán frithchosúlachtaigh a thugtar ar an gcoicís sin, aithníonn an tír gnéithe den stair agus den chultúr a chuirfeadh bród ar gach duine a bhfuil baint leis an oileáin seo acu. Gan amhras, tá sé sin go hiomlán níos tábhachtaí i mbliana de bharr an Chomóraidh Éirí Amach na Cásca 1916. Ní féidir a shéanadh go bhfuil tábhacht de shaghas éigin ag an bhféile seo, agus é ag cur béime ar theanga a bhfuil stádás míbhuntáistithe aici.

Áfach, i measc an méid gníomháiochtaí agus ceiliúrtha sin, rud maith é smaoineamh ar fhéilte cosúla a chuirtear ar siúl i dtíortha eile. Ní hamháin an Ghaeilge atá ag iarraidh tacaíochta mar theanga ar chor ar bith. Freisin, is cosúil nach bhfuil lucht na Gaeilge amháin ag úsáid tréimhsí áirithe le linn na bliana chun aird an phobal a fháil. Cuireann sé sin cúpla réamhcheisteanna chun solas. Mar shampla, cad iad na teangacha sin agus cé hiad na daoine atá ag iarraidh iad a chur chun cinn? Ina theannta sin, cé comh éifeachtach atá Seachtain na Gaeilge agus í curtha i gcomparáid le tionscnaimh éagsúla ar fud an domhain? An bhfuil aon rud ann le foghlaim ag gníomhaithe teanga in Éirinn uathu sin?

ADVERTISEMENT

Is féidir feiceáil go soiléir go bhfuil Gaeilgeoirí ag foghlaim trí mheán eispéiris i dtíortha eile agus is é an tionscnamh teanga Rith an sampla is déanaí de sin, agus é curtha ar siúl do Sheachtain na Gaeilge. Is ollrith sealaíochta é Rith a eagraíodh don chéad uair sa bhliain 2010. I mbliana, bíonn sé ar siúl ón 4ú lá de Mhárta go dtí an 14ú, agus beidh cúrsa 700 ciliméadar le dul ag na rannpháirtithe. Thosaigh sé ag Teach Baile an Chaisleáin i gCo. Chill Dara agus críochnóidh sé taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.

Áfach, is gá a aithint nach smaoineamh dúchais a chruthaigh ócáidí den chineál sin i dtosach báire. Tá réimse leathan ollrith teanga á heagrú i dtíortha eile na hEorpa. Fiú roimh an gcéad “Rith” i 2010, chuir gníomhaithe teanga an “Redadeg” ar siúl sa Bhriotáin, Frainc, chun an teanga Ceilteach den réigiún a chur chun chinn. I 2014, thosaigh “Ras yr Iaith” ag spreagadh cainteoirí Breatnaise an baitín sealaíochta a thógail ar son a dteanga. In ainneoin an rátha atá tuillte ag na feachtais sin sna náisiúin Ceilteacha le déanaí, ní iontu a bhfuil buntús an smaoinimh sin. Bíonn ócáidí cosúil leis sin eagraithe sa Spáinn gach dara bliain le fada. Mar shampla, eagraíodh an chéad “Correllengua” ar son na Catalóinise sa bhliain 1993, an bhliain chéanna ina chuireadh tús leis an “Corsa d’Aran” chun an Arainis a spreagadh. Áfach, ní féidir a shéanadh go bhfuil sé thar a bheith óiriúnach go bhfuil bunfhoinse na bhfeachtaisí sin le haimsiú i dTír na mBascach, áit ina bhfuil ceann de na teangacha is sine ar domhan (teanga atá ina bhall de chlann theangeolach a labhraíodh san Eoraip fiú roimh bhreith na Laidine) cosanta go misniúil ag an bpobal. Tá tús an reatha sin sa bhliain 1980 níos mórthaibhsí fós nuair a aithnítear nach raibh sé sin ach cúig bhliain tar éis báis Franco, an deachtóir a chuir cosc leathan ar gach mionteanga a úsáid. Gan amhras ar bith, tá Éireannaigh ag baint céille ollmhór ó shampla na mBascach agus “Rith” tar éis a cheathrú féile a chríochnú. Áfach, tá difríocht no dhó ar a laghad le feiceáil idir an “Rith” agus an “Korrika.” Cé go bhfuil an-bhéim curtha le linn an Korrika ar rith leanúnach, gan stad, lá agus oíche, ar feadh na dá sheachtaine atá i gceist, níl an saghas treisithe sin ar an aclaíocht san ionchollú Gaelach den ócáid sin. Míníonn Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge, i gcomhrá le The University Times, “go bhfuil béim níos mó ar na caidrimh agus an comhrá timpeall an ráis.”

Tá dhá ról tábhachtach ag an gcineál ócáid sin. I dtosach báire, tá tábhacht tiomsaithe airgid ag “Rith” agus a lethéid. Ionann sin is a rá go bhfuil gach duine in ann ciliméadair a “cheannach,” ina mbeidh an duine atá i gceist chun tosaigh leis an mbaitín sealaíochta ina lámh aige nó aici. Cuirtear an t-airgead sin le tionscnaimh atá ag iarraidh Gaeilge (nó an teanga a chur chun cinn ag an ollrith) a spreagadh mar theanga poiblí. Ina theannta sin, tá ról lárnach ag an ngné rannpháirteach agus ilíoch den ócáid maidir leis an teanga a chur chun chinn agus aird an phobail a dhíriú uirthi. Tá an ról sin go hiomlán níos láidre nuair a thugtar faoi deara nach gá do rannpháirtithe eolas mór den teanga a bheith acu. Sa rith ilíoch sin cosúil leis na cinn a chuirtear ar siúl i dtíortha eile, níl ag teastáil ach suim agus paisean, rudaí nach bhfuil in easnamh sa tír seo, agus 20,000 daoine ag glacadh páirte san ócáid i 2010.

Áfach, ní hamháin tríd an “Korrika” a bhfuil na Bascaigh ag tabhairt aire agus cosaint dá dteanga. Comh maith leis sin, céiliúrtar Lá na Bascaise ar an 3ú Nollaig gach bliain. Tá roinnt cosúlachtaí idir an céiliúradh sin agus Seachtain na Gaeilge le feiceáil. Mar shampla, eagraítear léachtanna poiblí, cóisreacha agus foilsiúcháin spéisialta a chéiliúrann an teanga Bascach. Cosúil le Seachtain na Gaeilge, maoinítear Lá na Bascaise go poiblí agus bíonn airgead ag teacht ón rialtas réigiúnach, a bhfuil a lán neamhspleáchais ó Madrid aige. Gan amhras, tá mórán tacaíocht tugtha ag an muintir Bascach don fhéile teanga seo. “Ceapaimse go bhfuil go leor aitheantais agus maoinithe ag an bhféile mhór sin,” a deir Miren Lourdes Oñederra Olaizola, Ceannaire ar Roinn na Teangeolaíochta agus na Staidéar Bascach ag Ollscoil Thír na mBascach, le The University Times, “ach ina theannta sin is gá í a neartú i gceantair ina bhfuil cainteoirí Bascaise atá taobh amuigh de chríoch an rialtais réigiúnaigh Bascaigh, cosúil le Navarra agus ceantair éagsúla sa Fhrainc.” D’fhéadfá a rá go bhfuil an gné trasteorann ilíoch ag Seachtain na Gaeilge cheana, agus í curtha i bhfeidhm i bPoblacht na hÉireann agus sa Tuaisceart ag eagraíochtaí trasteorann mar Fhoras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge.

In ainneoin sin, is iomaí ceachtanna atá le foghlaim ó shampla na Bascaise. Tá baol ann go mbainfidh gach féile teanga leis an iomarca náisiúnachais. “Measaim gur gá teachtaireacht níos cultúrtha a bhaineann le níos lú náisiúnachais a chur in iúl le linn na féile ionas go mothódh daoine de chuile idé-eolaíocht go bhfuil siad in ann cur le hathbheochan na teanga,” a deir Oñederra Olaizola le The University Times. Míníonn sí go bhfuil an Tír na mBascach “ag druidim go míchúramach le barrshamhlacha aonteangacha agus sin ag déanamh dochar don Spáinnis.” Bíonn an fhadhb chéanna le feiceáil sa Chatalóin ina bhfuil deighilt mhór idir an pobal á chruthú maidir le stádas an náisiúin Catalónach, agus tá an cheist faoi sin ag cruthú deighiltí móra i measc na sochaí Spáinní. Leoga, le míonna anuas, ní féidir leis na polaiteoirí comhrialtas a chruthú de bharr na ceiste conspóidí sin. Tá rialtas réigiúnach Catalóine ag iarraidh neamhspleachais ón Spáinn a thuilleadh, agus is mór an ról polaitiúil atá ag an teanga san fheachtas sin.

Is gá bheith cúramach go bhfuil ceiliúrtha Sheachtain na Gaeilge oscailte agus ilíoch, ag spreagadh an dátheangachais in áit uaisleachta teanga amháin ar bith

B’fhéidir go bhfuil an baol sin le brath anseo in Éirinn, go háirithe de bharr an Chomóraidh 1916 i mbliana. Áfach, b’fheidir go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag seachaint na faidhbe sin. “Nuair a fhéachann tú ar na himeachtaí atá á heagrú le linn Sheachtain na Gaeilge, tá an bhéim ar an teanga amháin,” a deir Brenda Ní Ghairbhí le The University Times, ag séanadh go bhfuil dearcadh polaitiúil ag an ócáid. Leoga, mar a dúradh cheana, bíonn ról trasteorann ag dhá phríomh-eagraíochtaí atá i gceannas ar an bhféile. Bunaíodh Foras na Gaeilge de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta agus dá bharr sin tá dearcadh níos muinteartha ag an eagraíocht sin. Freisin, sa bhliain 2008, athraíodh Bunreacht Chonradh na Gaeilge a bhain amach gach tagairt do neamhspleáchas agus aontacht na hÉireann, rud a thugann ról níos neamhpholaitiúla don eagraíocht. In ainneoin na n-athruithe sin, is gá bheith cúramach go bhfuil ceiliúrtha Sheachtain na Gaeilge oscailte agus ilíoch, ag spreagadh an dátheangachais in áit uaisleacht teanga amháin ar bith.

Léiríonn sampla Thír na mBascach an tábhacht a bhaineann le cóimheá idir stair na teanga a cheiliúradh agus a todhchaí a chosaint

Ina theannta sin, léiríonn sampla Thír na mBascach an tábhacht a bhaineann le cóimheá idir stair na teanga a cheiliúradh agus a todhchaí a chosaint. “Faoi láthair baineann an fheile níos mó leis an dul chun cinn atá déanta cheana ar son na teanga a cheiliúradh, ach níor chaill sí a ról maidir leis an teanga a atreisiú” dar le Oñederra Olaizola. Is cosúil go bhfuil an bhéim ar thodhcaí na teanga níos soiléire i dtíortha ina bhfuil an mionteanga gan an méid ollmhór cainteoirí atá acu sa Chatalóin, ina bhfuil formhór den daonra in ann Catalóinis a labhairt, nó i dTír na mBascach, ina bhfuil beagnach leath den phobal in ann Bascais a labhairt. Tá sé sin le feiceáil i Seachtain na Gaeilge, ina bhfuil an bhéim ar labhairt na teanga a spreagadh. Ina theannta sin, tá an treisiú ar labhairt na teanga an-soiléir i Maori Language Week, feachtas a chuirtear ar siúl i Nua-Shéalainn. Le linn na Seachtaine sin, a bheidh ar siúl ón 4ú lá go dtí an 10ú lá Iúil i mbliana, ullmhaíonn Coimisiún na Maoraise liosta 50 frásaí le foghlaim do chách, a bhaineann le gné praiticiúil den saol. Mar shampla, i mbliana, bainfidh na frásaí le spórt, ionas go mbeidh muintir na Nua-Shéalainne in ann tacaíocht a thabhairt dá aclaithe le linn na gCluichí Oilimpeacha.

Rud amháin atá soiléir ón eispéireas Éireannach agus eachtrach maidir le féilte teanga ná an ról atá ag na hócáidí sin chun an teanga i gceist a chur chun cinn timpeall na bliana. Míníonn Brenda Ní Ghairbhí, i gcomhra le The University Times go ndéanann Conradh na Gaeilge iarracht “na grúpaí atá ag déanamh gníomhaíochtaí trí Ghaeilge a spreagadh ar feadh na bliana iomlán”, cé go bhfuil sé treisithe níos mó ag coicís amháin i mbliana. Cé go gcruthaítear nasc cinnte ag an teanga le tréimhse amháin den bhliain, ní dhealraíonn sé go lagaíonn sé sin úsáid agus forbairt na teanga le linn na bliana iomlán. Dar le Oñederra Olaizola, “ní chruthaíonn sé sin fadhb ar bith” agus ceist curtha uirthi faoin mbaol maidir le dearmad a dhéanamh ar an teanga le linn formhóir na bliana. Tá a chuma ar an scéal gur ceiliúradh agus aitheantas na hoibre a dhéantar ar feadh na bliana ar son na teanga agus ní rud éigin a chuirtear ina ionad atá i gceist maidir le féilte teanga mar sin, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Freisin, is léir go bhfuil buntáistí móra ag baint leis an teanga a bhéimniú ar feadh tréimhse áirithe den bhliain. Ní gá ach féachaint ar shampla an Tafwyl Week i Cardiff sa Bhreatain Bheag, ócáid a chuireann ar siúl mórán imeachtaí cultúrtha a chuireann an Bhreatnais chun cinn. Cuireann an fheile bliantúil seo go mór le turasóireacht sa chathair, agus í ag tógáil thart ar 35,000 daoine chuici chun taitneamh a bhaint as ceol, ócáidí liteartha, agus ar ndóigh, an teanga. Is mór an cheacht é seo dúinne in Éirinn mar is féidir nasc a chruthú idir stair, ionaid turasóireachta na tíre agus Seachtain na Gaeilge. Sa bhealach chéanna ina bhfuil Tafwyl ar siúl i measc áilleachta Chaisleáin Cardiff, cén fáth nach eagróimis ócáidí agus féilte faoi scáthanna na saothar ailtireachta is fearr sa tír?

I ndeireadh na dála, ní díluacháil Sheachtain na Gaeilge atá i gceist nuair a chuirtear í i gcomparáid le tionscnaimh eile a chuirtear i bhfeidhm ar fud an domhain. Cé go bhfuil sainiúlacht cinnte ag an bhféile seo, is féidir í a chosaint agus fiú í a fheabhsú go mór trí eispéiris teangacha mionlaigh i dtíortha eile. Ar an iomlán, tugann na samplaí idirnáisiúnta ciall dúinn gur cheart go mbeadh an fhéile ilíoch, agus bunaithe ar an teanga agus na himeachtaí agus gníomhaíochtaí a eagraítear tríthi, gan aghaidh a thabhairt ar an bpolaitíocht. Nochtann an comparáid sin a lán gnéithe dearfacha atá ag baint le Seachtain na Gaeilge, agus léiríonn sé go bhfuil sé ag seachaint na laigíochtaí agus na hidé-eolaíochtaí atá mar fhadhbanna do thionscnaimh atá cosúíl léi. Is mór an chiall atá againn maidir le cosaint teanga gur cheart go roinnfí í leis an domhan. Níl polasaí teanga foirfe i bhfeidhm sa tír seo ar chor ar bith, ach, in ainneoin sin, is léir gur mór an ráth agus an dul chun cinn atá déanta againn sa réimse sin. Is féidir linn bheith bródúil as Seachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Phádraig ag teacht.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.