Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 13, 2016

Gníomhaíocht Choláiste na Tríonóide ar Uimhir Iarrthóirí as Tuaisceart Éireann ag Déanamh Torthaí Dáiríre Cheana Féin

Tá dhá chlár úrnua tar éis an méid iarrthóirí as Tuaisceart Éireann a mhéadú agus tá moladh tuillte ag Coláiste na Tríonóide de bharr an dushláin a chuir sé faoi chóras míchothrom, a scríobhann an Bord Eagarthóireachta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá sé aitheanta i gcoitinne gur míchothrom an córas a rialaíonn iontrálacha ollscoile in Éirinn. Mar a scríobh an t-Ollamh Patrick Geoghegan, urraitheoir tionscnaimh ar an stáidéar indéantachta iontrálacha comhroghnacha atá ag Coláiste na Tríonóide, ar son The University Times i mí Eanáir, “Léiríonn torthaí na hArdteiste feidhmíocht acadúil ag tráth fosaithe amháin. Tá a luach tábhachtach, ach teoranta.” Dá bharr sin, tá sé an-tábhachtach agus thar a bheith forchéimní go bhfuil Coláiste na Tríonóide, an ollscoil is sine in Éirinn, ar thús cadhnaíochta maidir le dushlán a chur faoin nós imeachta iontrála atá i bhfeidhm ar oideachas triú leibhéil sa tír seo agus i dTuaisceart Éireann.

Ní haisteach an rud é nach dtiocfadh geallta nó mianta cheannaire éigin, ar náisiún, ar eagraíocht nó fiú ar ollscoil, riamh i gcrích. Áfach, tar éis an ráitis a rinne an Propast Patrick Prendergast do na meáin chumarsáide trí bhliain ó shin, ag míniú gur mhaith leis go mbeadh Coláiste na Tríonóide mar “ollscoil don oileán iomlán,” is léir go bhfuil an mian sin curtha i bhfeidhm trí mheán dá tionscnaimh úrnua, Clár Rannpháirtíochta Thuaisceart Éireann, a cruthaíodh i 2013, agus Stáidéar Indéantachta Iontrálacha A-Level i 2015.

As Meán Fómhair amach i mbliana, tá tacar critéir iontrála nua á chur i bhfeidhm ag seacht n-ollscoil na tíre d’iarrthóirí as Tuaisceart Éireann, a bhronnfaidh 30 pointe níos mó do gach A-level. Trí réamhbhearta a dhéanamh roimhe sin, cuireann Coláiste na Tríonóide é féin ar thús cadhnaíochta ar son athraithe náisiúnta, ag cur leasuithe i bhfeidhm chun deimhniú go bhfuil oideachas triú leibhéil i bPoblacht na hÉireann ar fáil don mhéid is mó daoine agus is féidir.

ADVERTISEMENT

Tá sé soiléir go bhfuil ráth mór ag na cláir sin. Mhéadaigh an uimhir daltaí ó Thuaisceart Éireann atá ag déanamh iarratas iontrála do Choláiste na Tríonóide don bhliain seo chugainn de réir 22 faoin gcéad. Gan fhadhb dhothuartha, is dócha go méadóidh an uimhir sin níos mó an bhliain seo chugainn. I láthair na huaire, tá mic léinn ó Thuaisceart Éireann mar 3 faoin gcéad de dhaonra an Choláiste agus tá “aidhm dheireanach” de 8 faoin gcéad ag Prendergast.

Cé gur éasca an rud é na tionscnaimh sin a mholadh agus iad ag cruthú torthaí dáiríre, tá moladh tuillte ag Coláiste na Tríonóide de bharr an triail a bhaint astu sa chéad áit. Is maith an scéalaí an aimsir agus is gá fanacht go bhfeice muid cé comh éifeachtach is atá na tionscnaimh sin ó thaobh na bhfadhbanna sa chóras iontrála a réiteach de. Neamhaireach air sin, tá iarracht déanta ag Coláiste na Tríonóide córas neamhfhoirfe a fheabhsú, beart forchéimní a spreag comhphlé nua faoin mbealach ina ligimid mic léinn isteach san ollscoil.