Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 6, 2016

Is Meabhrúchán Róil Aontas na Mac Léinn Maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta é Conspóid Thoghcháin DITSU

Tá sé tábhactach ceannairí mac léinn a chealóidh dul chun cinn gluaiseachta na mac léinn a sheachaint.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

nochta an ghníomhai cearta trasghnéasacha Toryn Glavin, a thugann le tuiscint go bhfuil iarrthóir sa rás ceannaireachta Aontas na Mac Léinn DIT trasfóbach agus homafóbach tábhachtach de bharr fáthanna éagsúla, ina measc an ról mar chroílár athruithe forchéimní a bhíonn ag Aontais na Mac Léinn go traidisiúnta.

Tar éis an cinnidh a dhearna Uachtarán Aontais na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide Ivana Bacik eolas faoi ghinmhilleadh a roinnt go mídhleathach sa bhliain 1989, na máirseálacha agus an brústocaireacht ar son cearta na mban agus rochtain chothrom ar an oideachas, agus an ról a bhí ag aontais na mac léinn maidir leis an reifreann stairiúil faoi chomhionannas pósta, is léir gur ar thaobh na ndaoine atá ag iarraidh dul chun cinn a spreagadh sa tsochaí, in áit dul ar gcúl a bhí ceannairí mac léinn.

Ní gá do gach ceannaire ar aontas mac léinn bheith an-fhorchéimní. Is iomái na tréithe a cháilíonn duine éigin don phost; ina measc tá cumas, intleachtacht agus paisean maidir le fadhbanna mac léinn ríthábhachtach. Áfach, tá gluaiseacht na mac léinn níos éifeachtaí nuair atá a dul chun cinn i dtreo amháin. Thar chuibheas bunúsach, sin an fáth go bhfuil sé cé comh tábhachtach ceannairí a chealóidh na hathruithe dearfacha atá déanta againn a sheachaint. Dá gcealódh duine amháin ráth a chomhtheachtaí, b’fheidir go ndéanann sé nó sí dochar dona mílte daltaí atá fós ag troid imeallaithe agus claontachta ina n-aghaidh.

ADVERTISEMENT

Níl cearta abn phobail trasghnéasaigh comh byuansheasmhach is atá cearta grúpaí imeallaithe áirithe eile, ar an drochuair, agus ní fada an lá nach raibh a ngátair aithnithe. Ar an iomlán, bíonn ar dhaoine trasghnéasacha dul i ngleic le méid níos mó leithcheala agus claontachta ina n-aghaidh ó lá go lá, ná an méid atá insamhlaithe don chuid is mó de dhaoine. Ba cheart go mbeadh ollscoileanna mar chroíláir dul chun cinn maidir leis na fadhbanna sin ach, comh maoith leis sin, ba cheart go mbeadh siad mar áiteanna sábháilte. Ní ionann sin is a rá gur gá dúinn críoch a chur le díospóireacht agus comhrá a théann i ngleic leis na cúrsai sin, ach is gá go bhfuil meas ann do chách, is cuma cé hiad.