Radius
Mar 2, 2016

Lán le Turais, Ceolchoirmeacha agus Ranganna Rince, Níl Críoch leis an Spraoi le linn Seachtain na Gaeilge

Tugann Jamie Ó Siochrú cur síos ar na himeachtaí ilchineálacha a mbeidh ar siúl i rith Seachtain na Gaeilge 2016.

Jamie Ó SiochrúLeas-Eagarthóir na Gaeilge

Seoladh Seachtain na Gaeilge 2016 ag Ard-Fheis Conradh na Gaeilge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo chaite le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn i láthair chun an fhéile Ghaeilge a sheoladh i mbliain nach beag don Ghaeilge agus cultúr na hÉireann. Féile idirnáisiúnta is ea Seachtain na Gaeilge a spreagfaidh 750,000 duine chun leas a bhaint as an nGaeilge le linn na féile a bheidh á reáchtáil timpeall an domhain ó 1 – 17 Márta 2016.

Le linn Seachtain na Gaeilge 2016 beidh neart imeachtaí ar siúl, idir maidin chaife as Gaeilge, turais éagsúla, ceolchoirmeacha agus ranganna rince, ní bheidh tú faghta díothach i rith na trí seachtaine corraitheach spraoiúil. I measc na n-imeachtaí beaga, beidh roinnt ócáidí móra, ar nós na féile náisiúnta, Rith.Tá Rith ar ais i mbliana mar cheann de phríomh imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Ón gceathrú lá go dtí an ceathrú lá déag de Mhárta beidh scoileanna, eagraíochtaí, daoine aonair agus clubanna ag glacadh páirte in san rith sealaíochta ollmhór. Eagraíodh an chéad rith i 2010 agus tá an borradh tagtha air ó sin le líon na n-iomathoirí ag meadú ó 10,000 sa bhliain ina bhunaíodh é go thart ar 30,000 i 2014. Tosóidh an rás i dTeach Bhaile an Chaisleáin i gCo. Chill Dara agus iompairfear an baitín sealaíochta ar an gcúrsa 700km, trí bhailte agus cathracha na hÉireann go dtí go dtagann sé ar an sprioc i mBaile Átha Cliath. Beidh ceiliúradh óllmhór ann ag an gcríoch in Áth Cliath, le ceolchoirm Seo Linn ar siúl anseo i gColáiste na Tríonóide.

Beidh bruithshléacht imeachtaí ar siúl i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath, beidh turas as Gaeilge á reáchtáil ag an Guinness Storehouse, beidh turas dátheangach d’Áras an Uachtarán agus turas treoraithe de Reilig Glas Naíon ar siúl an satharn seo chugainn, nó más rud é go bhfuil suim ort san fhilíocht beidh Reic ar siúl arís i mbliana. Is eard is atá i gceist le Reic ná oíche de fhilíocht agus amhránaíocht ina mbeidh iomaitheoirí iontacha ó gach cearn den tír ag glacadh páirte ar an 10ú lá de Mhárta in Áras na Scríbhneoirí na hÉireann.

ADVERTISEMENT

Beidh imeachtaí ar siúl anseo i dTríonóide freisin, ag tosú ar an 11ú de Mhárta, beidh turas ealaíne den champas, ceolchoirm dátheangach leis an banna Ye Vagabonds agus céilí mór.

Tá rud éigin ar siúl le haghaidh cách, muna bhfuil ach focal nó dhó agat, téigh chuig imeacht ar bith agus beidh fáilte Uí Cheallaigh romhat ann. Níl anseo ach blas beag bídeach den fhéile ollmhór, agus más rud é go bhfuil tuilleadh eolais uait faoin bhféile tá teacht ar gach eolas faoi imeachtaí áitiúla na Seachtaine de réir contae ar líne ag www.snag.ie agus ar an aip SnaG2016.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.