Comment & Analysis
Mar 22, 2016

Níl Cúis Imní do Ghaeilgeoirí atá san Easpa Sainúdaráis USI ar an Riachtanas Maithreánach Gaeilge

Áitíonn Christopher McMahon nach gá do dhaoine bheith buartha faoi shocrú a rinneadh ag Comhdháil USI gan a shainúdarás ar son leanúint an riachtanais maithreánaigh Gaeilge atá ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireanna a athnuachan.

Christopher McMahonEagarthóir na Gaeilge
blank
Edmund Heaphy for The University Times

Tá sé socraithe inniu ag Comhdháil Aontais na Mac Léinn in Éirinn nach mbeidh an eagraíocht ag gníomhú ar son an Ghaeilge a choinneáil mar riachtanas maithreánach d’Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) gan sainúdarás áirithe maidir leis an bhuncheist sin, tar éis trí bhliain ag iarraidh deimhniú go gcoinneofaí an chéad teanga oifigiúil den Stát mar riachtanas maithreánach do fhormhór na n-iarrthóirí iontrála d’ollscoileanna na tíre. Tá sé de dhualgas ag USI a shainúdarás a athnuachan tar éis tréimhse trí bhliain, ach níor ghlacadh leis an rún chun é sin a dhéanamh inniu ag Comhdháil USI.

Áfach, ní baolach don Ghaeilge é an cinneadh seo ar chor ar bith de bharr fáthanna éagsúla. Níor mhór an chosaint a bhí sa riail sin atá ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireann don Ghaeilge mar níl sé á chur i gcrích ag ionaid ardoideachais eile na tíre, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil na Cathrach Bhaile Átha Cliath ina measc. Comh maith leis sin, níl Gaeilge na hArdteistiméireachta riachtanach d’iarrthóírí iontrála i mórán institiúidí teicneolaíochta atá ar fud na tíre. Dá bhrí sin, ní suntasach an dreasú staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge atá ag an riachtanas sin mar tá rogha leathan institiúidí tríú-leibhéil ag iarrthóir a sheachnaíonn an Ghaeilge. Ní gá do Ghaeilgeoirí bheith buartha faoin gcinneadh sin mar ní raibh éifeacht leathan de shaghas ar bith ag an riail sin atá faoi láthair ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Bhí an rún thar a bheith neamhiomlán ina theannta sin, mar ní raibh sé ach ag iarraidh coinneáil leis an gcóras mar a sheasann sé anois gan an riachtanas seo a leathnú agus a chur i bhfeidhm in ollscoileanna eile.

É sin ráite, an bhféadfadh buntáiste don Ghaeilge a bheith i gceist dá mbeadh an riachtanas maithreánach sin i bhfeidhm i ngach ollscoil? An mhalairt atá fíor i ndáiríre mar ní éilíonn an riail sin ach grád D3 sa Ghaeilge Gnáthleibhéil, toradh nach léiríonn ard-chaighdeán na tenaga nó mian an teanga a chur chun cinn. Is dócha freisin nach bhfuil na daltaí atá buartha faoin riachtanas sin ró-thógtha leis an teanga agus is dócha nach bhfuil siad sásta gur gá dúinn oibriú go dian dícheallach uirthi toisc go bhfuil sí, in áit mórán ábhar eile atá tábhachtach agus a thaitníonn leo níos mó, riachtanach chun iontráil san ollscoil. Is dócha nach bhfuil an obair a dhéanfaidh siad ar an ábhar sin ag spreagadh grá nó fonn labhartha ar bith maidir leis an teanga. Cuireann riachtanais cosúil leis sin leis an bhfrustrachas atá ag gnéithe den phobal maidir leis an nGaeilge. Freisin, déanann an riail faillí ina haidhm a chomhlánú agus cruthaíonn sé córas atá casta. Ionann sé sin is a rá go bhfuil réimse fíorleathan eisceachtaí ann. Níl an riachtanas i bhfeidhm ar dhaoine a chónaigh taobh amuigh den tír ar feadh trí bhliain ar a laghad den tréimhse a chaith siad san oideachas príomhúil nó dara-léibhéil. Freisin tá eisceachtaí ann maidir le daoine atá míchumas foghlama acu. Bheadh sé i bhfad níos fearr córas a chruthú ar aon réim, gan eisceachtaí agus araile, ina bhfuil an riachtanas Gaeilge teoranta sin as láthair. Maidir leis an uimhir atá ag méadú d’iarrthóirí iontrála ó Thuaisceart Éireann, bheadh sé sin níos dearfaí, rud a bhí ráite sa dhíospóireacht a bhí ar an mbuncheist sin ag an gcomhdháil.

ADVERTISEMENT

Tá an riachtanas sin go fiú níos fánaí fós nuair a smaoinítear ar an bhfírinne phraiticiúil go mbeidh daoine fós ag déanamh staidéar ar an nGaeilge, mar tá sé fós riachtanach mar ábhar scoile don Ardteist. Tá an diúltú athnuachan a dhéanamh ar an rún sin chun gníomhú ar son an riachtanas seo aibíocht an phobail Gaelaigh, nach bhfuil ag lorg gach uile píosa beag cosanta agus a bhfuil in ann bearta dearfacha a aithint. Cé go bhfuil mórán dul chun cinn le déanamh maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn, go háirithe ar feadh bliana an Chomóraidh 1916, níl leanúint riachtanais maithreánach Gaeilge d’Ollscoil Náisiúnta na hÉireann ina measc.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.