Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 20, 2016

Tugann Tuairisc Athbhreithnithe Cassells Faillí i ndéanamh dul chun cinn leis an gComhphlé ar Mhaoiniú Ard-Oideachais

Is tairbh mhór do mhic léinn í inghlacthacht córais mhaoinithe comhroghnacha, ach an mhalairt atá fíor maidir le don easpa gníomhartha leanúnach air sin.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is minic gur fearr le polaiteoirí labhairt comh fada agus is féidir faoi fhadhbanna a réiteach roimh airgead ar bith a chaitheamh ar a son. Tríd an dearcadh ciniciúil sin, feictear an Mheitheal ar Mhaoiniú Ard-Oideachais a bhunaigh an rialtas, a thugtar an Tuairisc Cassels ar a torthaí taighde, mar uirlis úsáideach a mhoillíonn cinntí ata deacair, ach práinneach. Sin níos soiléire fós nuair a aithnítear gur an dara tuarisc den chineál sin é seo a choimisiúnaíodh faoi réim an chomhrialtais Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Leoga, d’fhoilsigh an t-Údarás um Ard-Oideachas tuairisc sa bhliain 2011 a mhol scéim iasachtaí ioncaimteagmhasach (agus bhí Ruairí Quinn, an t-Aire Oideachais sa bhliain sin, glan in aghaidh an chórais sin) agus rinneadh neamhaird mór uirthi.

Dúirt Peter Cassells, cathaoirleach na meithle, le hAcadamh Ríoga na hÉireann i Meán Fómhair 2015 go bhfoilseofaí torthaí taighde na meithle roimh dheireadh na bliana, in ainneoin “a lán cinicis” a thug le fios nach bhfoilseofaí iad roimh an ollthoghchán. Cibé ainm a thugtar air, ní féidir a shéanadh go raibh Fine Gael in ann fanacht gan í féin a cheangal maidir le réiteach ar an ngéarchéim mhaoinithe san ard-oideachais, amach i ndeireadh na Feabhra, trí mheán tagairt a dhéanamh do torthaí na meithle a raibh go háisiúil ar feitheamh. Ar dheireadh, seoladh an tuairisc chuig an Aire Oideachais atá ag fágáil le linn na míosa seo, agus ní mhúsclaíonn staid anordúil polaitíochta na tíre mórán iontaoibhe go mbeidh torthaí na tuairisce mar phríomhthosaíocht go luath.

Fós, níl na páirtithe polaitiúla in aontas ach ar an bhfírinne shoiléir go bhfuil na leibhéil mhaoinithe i láthair na huaire go hiomlán neamh-inbhuanaithe. Bheadh sé á mholadh ag dréacht na tuairisce a chríochnaíodh i mí Nollag go príomhúil go gcuirfí i bhfeidhm scéim iasachtaí ioncaimteagmhasach comh maith le méadú na dtáillí. Athraíodh go mór an tuairisc de bharr airde na meán chumarsáide agus cur in aghaidh roinnt ball na meithle, rud atá dearfach go forleitheadúil do mhic léinn. I láthair na huaire molann sé go bhfuil trí rogha “inchreidte agus indéanta,” ina measc togra lán-fhorbartha ar son táillí in aisce a chuirfeadh críoch le táillí ranníocaíochta an mhic léinn.

ADVERTISEMENT

Is mór an tairbhe do mhic léinn í inghlacthacht córais comhroghnacha maoinithe ardoideachais atá ag méadú gan amhras, ach an mhalairt atá fíor don easpa gníomhartha leanúnach ar na fadhbanna seo. Leanann ollscoileanna na hÉireann, atá ag tabhairt oideachais do chinn de na hintleachtaí is fearr ar domhan, le deacrachtaí ollmhóra mar tá siad ag brath ar mhaoiniú ó phloaiteoirí nach bhfuil in aontas ar chóras inbhuanaithe ar bith. Is beag atá déanta ag comhairle na tuairisce Cassells chun forás polaitiúil i gcomhair réitigh a chruthú, in ainneoin na práinne lena bhfuil sí ag teastail.