Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 24, 2016

An Dul Chun Cinn atá déanta ag Clár Rochtana na Tríonóide, agus an Méid atá Fós le Déanamh

Is meabhrúchán ar a fhorchéimnítheacht nuacht go bhfuil Oxford chun Clár Rochtana Choláiste na Tríonóide a mhacasamhlú - ach tá mórán fós le déanamh againn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

D’fhógair comhcholáiste Oxford Dé Chéadaoin go ndéanfaidh sé iarracht Clár Rochtana Choláiste na Tríonóide a mhacasamhlú trí threoirscéim a chuirfidh “bonnbhliain” ar siúl do mhic léinn ó chúlraí fo-ionadaithe.

Is iomaí rud faoi Chlár Rochtana Choláiste na Tríonóide a chuireadh tús leis 23 bliain ó shin a léiríonn an nuach sin, cé chomh forchéimnítheach agus faidhiúil a bhí sé ina measc. Níos mó ná fiche bliain níos déanaí, tá scéim chomhionann ar thaobh eile Mara Éireann á mholadh ag daoine ag rá go bhfuil sé forásach agus beagáinín réabhlóideach. Ar ndóigh, ba cheart go molfaí rud ar bith a leathnaíonn rochtain oideachais mar sin.

Tá sé suntasach dá bharr sin, go ligfí duine leis an imprisean nach leor a dhéanann Clár Rochtana Choláiste na Tríonóide tar éis díospóireachta ar chlár Vincent Browne An Déardaoin idir iarrthóirí Seanaid do phainéal na hollscoile. Dúirt Lynn Ruane, Uachtarán Aontais na Mac Lléinn Choláiste na Tríonóide go raibh an scéim “iontach, ach níl sé sásúil.” Cé go raibh an scéim molta ag a lán daoine, d’éiligh Seanadóirí Seán Barrett, Averil Power agus Ivana Bacik aird don riachtanas infheistíocht a dhéanamh ar oideachas bunscoile agus araile chun míchothromaíocht rochtana triú leibhéil a laghdú, comh maith le Anthony Staines. Bhéimnigh Power gur minic go bhfuil scéimeanna mar sin tagtha ar an láthair ró-dhéanach.

ADVERTISEMENT

Léiríonn an fhírinne go bhfuil beirt iarrthóir – Ruane agus William Priestley – ag bunú a bhfeachtas ar rochtain ardoideachais chomhionann an dul chun cinn atá déanta ag Coláiste na Tríonóide. Aithníonn go mór an Coláiste é sin. Tá an chuid is mó den bhuntáiste atá á chruthú ag a staidéar indéantachta iontrála, a chuireann in áireamh torthaí an mhic léinn i gcomparáid lena chomdhaltaí scoile, á bhaint amach ag daltaí i scoileanna i gceantair míbhuntáistithe. Tá an Coláiste molta cheana féin ag an mBord Eagarthóireachta de bharr a iarrachtaí ailtéarnacht le stádás láithreach iontrála ollscoile – ag moladh an bhealch ina bhfuil sé ag iarraidh athrú.

Ach, is féidir le frithfhreagairt do nuacht Dé Chéadaoin duine a ligint leis an mbarúil gur leor a bhfuil á dhéanamh againn. Ní sin atá i gceist. Cé go raibh Clár Rochtana Choláiste na Tríonóide forchéimnítheach nuair a bhunaíodh é ach, fiche bliain tar éis é sin, ní shásaíonn sé.