Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 10, 2016

Chun Tacú le Cumainn, Tá Feabhas ar a Bhainistíocht Spáis ag Teastáil ó Choláiste na Tríonóide

Loic Coláiste na Tríonóide ar na cumainn a úsáideann sé chun é féin a chur chun cinn trí easpa solúbthachta agus stair droch-phleanála maidir le spásanna campais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar an droch-uair, ní mor an t-ionadh atá sa nuacht go bhfuil tionchar diúltach ag córas maorlathais díchuingigh ar chumainn Choláiste na Tríonóide. Níl clú ar Choláiste na Tríonóide de bharr a éifeachtúlachta riaracháin, agus le déanaí níl timpeallacht cruthaithe aige a ligeann do chumainn a n-obair is fearr a dhéanamh. Áfach, is é an rud a thugann clú agus cáil air ná na cumainn sin féin.

Sin an chúis leis an méid díomá a mhúsclaíonn an nuacht seo. Baineann an Coláiste úsáid as a chumainn éagsúla agus ilghnéitheacha mar ghné dhíolacháin i ngach ceann de na foilseacháin a chuireann an Coláiste chun cinn. Áfach, maidir le hócáidí a eagrú, tá easpa comhréitigh agus solúbthachta le feiceáil. Feictear é sin san easpa ionad ina cheadaítear fáiltithe a chur ar siúl, sna córais áirithinte éagsúla atá i bhfeidhm ar feadh an Choláiste, agus sna táillí a ghearrann roinnt ionad chun iad a úsáid. I gcúpla cásanna, mar chás na hócáide láimhsithe reiptíle a bhí ag Zoo Soc, cuireann an Coláiste an ócáid ar siúl don lá oscailte, ach ní cheadaíonn sé an ócáid chéanna a chur ar siúl do bhaill an chumainn féin.

Is fíor go bhfuil an easpa spáis atá ag Coláiste na Tríonóide mar iarmhairt, don chuid is mó, dá shuíomh i lár na cathrach. Áfach, nocht tuairisc le déanaí gur droch-bhainistíocht a bhacann an dul chun cinn atá á lorg ag, agus ag teastáil ó Choláiste na Tríonóide, go háirithe ó thaobh spásanna mac léinn de. Cé go bhfuil pleananna ann ionad mac léinn nua a thógáil – agus tá sé geallta ag Uachtarán toghaí Aontais na Mac Léinn Choláiste na Tríonóíde, Kieran McNulty, reifreann a chur ar siúl ar thógáil an ionaid mac léinn sin an bhliain seo chugainn – beidh orainn fanacht ar feadh blianta sula thógfar é, agus beidh ionaid ar an gcampas fós tábhachtach do chumainn le linn na tréimhse sin.

ADVERTISEMENT

Laistigh dena chuid achmhainní, is iomaí rud a bhfuil indéanta chun staid reatha na faidhbe sin a réiteach. Tá dealramh an-mhaith ar phleananna na hOifige Fiosrúchán córas áirithinte nua a chur i bhfeidhm agus ar thionscnamh an Choláiste maidir leis an gcampas a atheagrú, ach ní léir é go fóill conas a réiteofar an méid ollmhór fadhbanna atá le feiceáil. Is é an rud atá ag teastáil ná athrú gníomhach dearcaidh i bhfábhar cumann mac léinn. Tá sé ar Choláiste na Tríonóide cinntiú go bhfuil sé ag tacú leis na gníomhaíochtaí atá ag mealladh daoine chuige féin.