Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 10, 2016

Cuireann Éileamh le haghaidh Tríú Oifigeach Sabóideach Aontais na n-Iarchéimithe chun solas Ceisteanna faoi Ionadaíochta

Agus Comhairle Aontais na n-Iarchéimithe ag vótáil chun an t-airgead a lorg le haghaidh tríú oifigigh lán-aimseartha, is gá ceist a chur an ionann níos mó ionadaíochta agus ionadaíocht níos fearr.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nochtann an nuacht a chuaigh chun solas An Chéadaoin go mbeidh Aontas na n-Iarchéimithe ag lorg airgid le haghaidh tríú oifigigh shabóidigh buncheisteanna suntasacha maidir leis an mbealach ina dhéantar ionadaíocht at iarchéimithe i gColáiste na Tríonóide.

Is ceann den dá ollscoil Éireannach a bhfuil aontas na mac léinn ar leith d’iarchéimithe acu é Coláiste na Tríonóide cheana féin. Is í Ollscoil Luimnigh an ceann eile.

Agus beirt oifigeach shabóideach lán-aimseartha acu, is mór an phribhléid atá intuigthe le stádas reatha na n-iarchéimithe sa Choláiste ó thaobh a n-ionadaíochta de. Ina theannta sin, déanann Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide ionadaíocht d’iarchéimithe freisin, agus tá ceart vótála ag iarchéimithe i dtoghcháin den aontas sin, comh maith le toghcháin a n-aontais féin.

ADVERTISEMENT

Cé gur deacair an rud é argóint i gcoinne níos mó ionadaíochta do dhuine ar bith, agus cé go mbíonn dúshláin uathúla ag iarchéimithe agus is minic go bhfuil na dúshláin sin thar a bheith difriúil ón méid atá ag fochéimithe, is fiú é i gcónaí ceist a chur orainne féin an bhfuil ionadaíocht níos fearr i gcónaí bainte le níos mó ionadaíochta. Tá Aontas na n-Iarchéimithe gann in achmhainní cheana féin, rud a bhí á phlé ag cruinniú chomhairle an aontais Dé Céadaoin, agus níl sé soiléir ar chor ar bith cén áit a fhaighidh an aontas €30,000 breise uaithi sa chéad áit. Freisin, tá dúbailt forchostas agus feidhmeanna riaracháin idir Aontas na Mac Léinn agus Aontas na n-Iarchéimithe, agus, mar a mhínigh Uachtarán Aontais na n-Iarchéimithe Dé Céadaoin, is iomaí ócáidí agus feachtais Aontais na Mac Léinn a bhainfeadh tairbhe ollmhór as dlúth-chomhcheangal idir an dá aontas.

Cuireann sé sin chun solas ceist tábhachtach cé acu níos fearr a bheadh sé dá chumascfeadh Aontas na n-Iarchéimithe agus Aontas na Mac Léinn. Chuirfeadh críoch le dúbailt iarrachtaí, agus is dócha go saorfadh beart sin an €30,000 a bheadh ag teastáil chun tríú oifigeach sabóideach a fhostú a bheadh ag dul i ngleic le fadhbanna na n-iarchéimithe ar leith. Dhéanfaí ionadaíocht cheart d’iarchéimithe trí aontas a bhfuil clúdach agus rannpháirtíocht níos leithne acu, go hinmheánach agus go heachtrach – rud atá suntasach nuair a thugtar faoi deara gur minic go mbíonn ord méadaíochta sa difríocht idir an coibhneas daoine a vótálaíonn i dtoghcháin Aontais na Mac Léinn agus an ceann a bhaineann le hAontas na n-Iarchéimithe. Uaireanta bíonn an coibhneas vótálaithe do thoghcháin Aontas na Mac Léinn fiche uair chomh mór lena bhfuil ag Aontas na n-Iarchéimithe. Áfach, ba cheart go gcinnteofaí nach urchoillfeadh cumasc den dá aontas an tsolúbthacht agus an saineolas atá ag teastáil chun riachtanais uathúla na n-iarchéimithe a chomhlíonadh.