Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 24, 2016

Is Mór an Scigdhráma atá i gcur ar fáil Tí an Phropaist d’Idirbheartaíochtaí le linn na Géarchéime Triú Leibhéil

Agus comhráite ar chomhrialtas ar siúl i gColáiste na Tríonóide le linn na seachtaine agus géarchéim maoinithe fadtéarmach san ardoideachas, an bhfuil na polaiteoirí ag gáire?

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le linn na seachtaine seo a ghabh tharainn, bhí teach an Phropaist, uimhir a haon Sráid Grafton, á úsáid ag foirne idirbheartaíochta Fine Gael agus Fianna Fáil. Áit neodrach a bhí ann, de réir dealraimh, le haghaidh comhráite faoi chruthú rialtas nua na hÉireann.

Dá bharr sin, bhí a lán criúnna ceamara le feiceáil taobh amuigh de Theach 1 sa Chearnóg Thosaigh le linn na seachtaine. Dé hAoine, bhuail Enda Kenny agus Micheál Martin le chéile in Institiúid um Eolaíochtaí Bithleighis Choláiste na Tríonóide ar Shráid an Phiarsaigh.

B’fhéidir go bhfeictear an íomhá de cheannairí, airí agus príomhpholaiteoirí na hÉireann ag spaisteoireacht thar chlocha dhuirlinge ollscoile is fearr na tíre le carnáin páipéir ina láimhe acu mar fhoinse sóláis maidir leis an gcaidreamh atá ag institiúidí ardoideachais leis an rialtas. B’fhéidir gur soladú an chaidrimh speisialta sin atá san fháilte a chuir an Propast rompu ar feadh cúig lae ina n-iomlán. B’fhéidir go bhfeictear e sin mar chaidreamh ina aithníonn polaiteoirí gur gá dul i ngleic go práinneach leis an ngéarchéim maoinithe agus le staid tubaisteach ardoideachais.

ADVERTISEMENT

In áit é sin, tá cúig bhliain moilleadóireachta fulangtha againn faoi reim an rialtais deireanaigh. Tá staid an ardoideachais – rud ar a thugann Tom Boland, príomhoifigeach feidhmeannach ar an Údarás um Ardoideachas, “meath bainistithe”- ag dul in olcas in áit feabhsaithe. Agus ní dhealraíonn sé go bhfuil an easpa gníomhaíochta ar an bhfadhb sin ina shaincheist thábhachtach de shaghas ar bith sna hidirbheartaíochtaí idir Fianna Fáil agus Fine Gael, in ainneoin suímh na n-idirbheartaíochtaí sin.

Le linn na seachtaine ina dúirt an Propast le The Irish Times nach gceapann sé agus uachtaráin na n-ollscoileanna eile go bhfuil an córas atá i bhfeidhm faoi láthair inbhuanaithe, feicimid é agus é ag cur fáilte Uí Cheallaigh roimh na daoine féin a shocraigh go gcaithfeadh ollscoileanna teacht i dtír chomh maith agus thig leo. D’inis sé é sin do The Irish Times in agallamh a bhí clóite ar an leathanach céanna ar a fhoilsíodh alt tuairime a scríobh iarrthóir Seanaid Seán Melly, cathoirleach Scoil Gnó Choláiste na Tríonóide agus ball ar chomhairle an Phropaist féin – alt tuairime inar áitigh sé ar son táillí an mhic léinn a chur i bhfeidhm arís. Tá an tuairim sin curtha in iúl ag an bPropast roimhe sin.

Gan comhartha bríoch ar bith go mbeidh sé sin, nó gníomhaíocht ar bith eile, curtha i gcrích cuíosach luath amach anseo, is gá ceist a chur orainne féin. Agus an Propast ag tairiscint a dtí féin ar feadh seachtaine, an gceapann sé gur cinneadh cliste é sin? Nó an bhfuil na polaiteoirí ag magadh faoi? Ar aon chaoi, muga magadh amach is amach atá ann.