Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 3, 2016

Léiríonn Ráth an Fheachtais “Feiminithe na Tríonóide” Cumhacht Fhéideartha Feachtas Mac Léinn

Léirigh feachtais le déanaí an tionchar a bhfuil ag mic léinn nuair a chomhiobríonn siad ar theachtaireacht thábhachtach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le linn na seachtaine, tá an feachtas idirlín “Feiminithe na Tríonóide,” seolta ag Coiste um Chomhionannas Inscne Aontais na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, tar éis é féin a thiomáint ar fhothaí Facebook ar fud na tíre. Is mór an rath atá ag an bhfeachtas, a rinneadh ar nós “Humans of New York,” agus é ag cur le haidhm tús a chur le comhrá agus miotais faoin ngluaiseacht fheimineach a dhíbirt. Leoga, is beagnach 2000 “likes” agus 300 roinntí atá sa mhéid atá tuillte ag an bpostáil is rathúla a d’fhoilsigh an feachtas.

Cé go ndiúltaíonn mórán daoine an cumas atá ar aontais na mac léinn maidir le hathrú dáiríre a chothú, rud atá soiléir ón easpa rannpháirtíochta sna haontais sin agus óna feachtais a ligeann do mhic léinn díchleamhnú óna n-aontas, léiríonn an feachtas sin go n-éistfidh daoine agus go rachaidh siad i dteagmháil leis, má thagann grúpa beag mic léinn le chéile chun feachtas so-eagraithe le teachtaireacht thábhachtach a chur i bhfeidhm.

Tar éis príomhpháirteanna a thabhairt do bhaill feiceálacha de chlubanna agus cumainn an Choláiste, ábhar comhsheasmach agus leanúnach a dhéanamh ar feadh na seachtaine, agus teachtaireacht shoiléir a chur chun cinn, is éasca a fheiceáil an fáth go bhfuil an méid ollmhór airde bailithe ag an bhfeachtas seo ar líne. Tríd a láithreacht láidir ar an idirlíon, bhí sé dosheachanta gur shroich sé áiteanna thar bholgán liobrálach Choláiste na Tríonóide, ag tosú comhrá le comhphobal níos leithne ar líne agus ag cur solais do dhaoine ar bhuncheist a mhúsclaíonn tuairimí láidre i mic léinn. Cé go bhfuil ráitis diúltacha agus ciniciúla i measc na dtráchtanna air, tá díospóireacht chuiditheach agus shláintiúil cothaithe aige sin agus is thar a bheith dearfach í an fhreagairt atá air don chuid is mó.

ADVERTISEMENT

Tar éis ratha an fheachtais chomhionannais pósta, is gá dúinn an méid a bhfuil ar chumas grúpaí beaga mac léinn díograiseach a chur i gcrích a aithint. Mar atá curtha in iúl ag Margaret Mead, ar a dhéantar athfhriotal go minic, ní hamháin go bhfuil orainn cumas grúpa beag daoine smaointiúla agus díograiseacha an domhan a athrú a aithint, ach tá orainn tabhairt faoi deara gurb é sin an rud amháin a d’athraigh é ar feadh na staire comh maith.

I mbliana cheana féin, chonaiceamar feachtas suntasach ó Fossil Free TCD a bhfuil níos mó ná míle sínithe bailithe ar achainíocha acu. Ina measc bhí 80 ó dhaoine móra aitheanta mar Noam Chomsky, David McWilliams agus an t-Athair Peter McVerry – atá ag iarraidh ar Choláiste na Tríonóide €6 milliún a dhídhílsiú ó shóchmhainní atá bainte le breoslaí iontaise.

Más tús a chur le comhrá deacair faoi bhuncheist chonspóideach nó sprioc áirithe a chur i gcrích atá mar aidhm agat, is suntasach a dhéanann feachtais mac léinn chun an teachtaireacht a chur chun solas. Is gá do mhic léinn an tairbhe is mó a bhaint amach ón gcumas sin agus móiminteam na bhfeachtas cumhachtach a choinneáil ar siúl sa todhchaí.