Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 17, 2016

Tá Maoiniú Inbhuanaithe agus Rannpháirtíocht Mac Léinn Comhionann maidir lena dTábhacht do Leasúchán

Is gá tús a chur le léirshamhail chomhpháirtíochta don ard-oideachas trí chóras inbhuanaithe maoinithe poiblí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Molann tuairisc nua atá foisithe ag an Údarás Ardoideachas (HEA), gur cheart go gcaithfí le mic léinn cosúil le gur comhpháirtithe iad, in áit “tomhaltóirí scortha”. In áit ligint do mhic léinn conradh a cheannach le haghaidh oideachais, áitíonn sí gur cheart go gcothódh institiúidí braistint dílseachta agus tiomantais.

Is mór a bhfuil i gceist go bhfuil an tuairisc sin scríofa ag meitheal a bhí ag oibriú go neamhspleách leis an gceann a labhair tráth i bhfábhar méaduithe táillí agus scéim iasachtaí go díreach. Leoga, bheadh sé ró-fhrithráiteach an dá theachtaireacht sin – comhpháirtíocht in áit príobháidithe níos mó – a chur sa thuairiscchéanna. Más fearr leis an HEA léirshamhail forbarthach in áit léirshamhla tomhaltasaí na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, mar a léiríonn an tuairisc, beidh rogha ag an gcéad rialtas eile tosaíocht a dhéanamh den sainrogha sin nó gan é sin a dhéanamh. Tá séanadh tomhaltais go soiléir i gcoimhlint, ar a laghad i meon an phobail agus go dóchúil i ndáiríre, le trí choincheap nasctha gur gá ard-oideachas a mhaoiniú go príobháideach, go bhfuil an leibhéal reatha maoinithe ard-oideachais neamhshásúil agus go bhfuil an cumas oideachais a mhaoiniú atá ag duine i gcomhréir an phá a bheidh aige agus é tar éis grádú.

Aidhm fhiúntach atá i gcomhpháirtíocht mac léinn i gcinntí maidir le hardoideachas go haonchiallach. Ar fud na tíre agus ag gach léibhéal cinnteoireachta, is gá caitheamh le mic léinn de gach saghas chúlra mar gheallshealbhóirí comhionainne, cosúíl le léachtóirí, foirne agus cáiníocóirí agus araile. Áfach, níl an t-ómós coibhneasta a thugtar do gach ceann de na grúpaí sin níos tábhachtaí ná an meas a thugtar don ard-oideachas ina iomlán. Tá an t-ardoideachas i láthair na huaire, nó ar a laghad beidh sé go luath, comh bunúsach do shochaí Éireannach ná mar a bhí meánoideachas le blainta anuas. Áfach, tá ceann amháin de na hinstitiúidí sin inshroichte go hilíoch, cé nár fíor é sin don cheann eile.

ADVERTISEMENT

I ndeireadh na dála, tá idéalachas neamhréadúil an HEA níos fearr ná an mhalairt, ach níl sé sásúil chun athrú bríoch a dhéanamh. Freisin, níl ach moltaí atá sa thuairisc HEA. Mhol tuairisc eile sa bhliain 2012 faoi tháille ranníocaíochta an mhic léinn go gcuirfí i bhfeidhm ionadaíocht mac léinn ar gach coiste airgeadais d’oideachas tríú leibhéal. Faoi láthair, tá an togra sin gan cur i bhfeidhm go fóill. Is éasca an rud é suaimhneas a chur i vótálaithe trí mholtaí a dhéanamh, ach ní cheart go mbeadh mic léinn sásta go dtí go ndéanann an rialtas tosaíocht de mhaoiniú ciallmhar agu inbhuanaithe don ard-oideachas.