Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 4, 2016

Tá Painéil Ollscoile an tSeanaid Scothroghnach, ach Ní Cheart go gCaillfí a Ghnéithe Luachmhaire trí Leasúchán a Dhéanamh

Is dócha go gcaillfimis na gnéithe is fiúntaí díobh, dá nglacfaimis le roinnt tograí a rachadh i ngleic leis na painéil ollscoile.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an focal “leasúchán” go mór i mbéal an phobail faoi láthair agus na toghcháin Seanaid faoi lánseol, leis na vótaí a áireamh roimh dheireadh na míosa. Cosúil leis an reifreann cealaithe an tSeanaid, is faoin mbealach scothroghnach de cé a bhfuil in ann vótáil atá an chuid is mó dena díospóireachtaí faoi leasúcháin, agus tá sé dosheachanta go bhfuil sé sin dírithe ar na painéil ollscoile. Is féidir le céimithe Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil Náisiúnta na hÉireann vótáil ar dhá phainéal, agus trí suíochán ag baint leis an dá cheann.

De bharr an chirt atá ag an Taoiseach 11 duine a ainmniú go dtí an Seanad faoi lánrogha iomlán, agus toisc gur roghnaigh iar-Theachtaí Dála agus iar-chomhairleoirí na seanadóirí go léir eile, is deacair argóint i gcoinne an díotála scothroghnaigh na bpainéal.

Áfach, ba cheart nach ndéanfaimis dearmad ar a thug na painéil ollscoile dúinn. B’é David Norris, tofa go painéal Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1987, an chéad dhuine homaighnéasach go hoscailte a bhí ina ionadaí poiblí in Éirinn. Is éasca an rud é samhlú go raibh Norris, scoláire neamhbhalbh de Joyce, faoi dhúshlán mór agus é ag iarraidh bheith tofa, go háirithe de bharr na béime áitiúla atá i gcroílár polaitíochta na ndáilcheantar. Thug an Seandadóir Ivana Bacik, dlíodóir acadúil a bhí ag iompar cearta ghinmhillte le blianta sular shroich an téama i mbéal an phobail faillí i mbeith tofa mar Theachta Dála faoi dhó.Toghadh an t-Iar-Sheanadóir Mary Robinson mar Uachtarán na hÉireann sa bhliain 1990.

ADVERTISEMENT

Tá sé ráite ag an eolaí polaitiúil, Norman Ornstein, gur minic gurb é neartú teach amháin an Oireachtais chun bheith níos cosúla leis an gceann eile, sa bhealach ina oibríonn sé nó sa bhealach ina toghadh é, a neartaíonn na gnéithe den teach eile nach dtaitníonn linn.

Dá bharr sin, cruthódh iarracht 60 seanadóirí a thoghadh sa bhealach ina thoghadh Teachtaí Dála athchóipeáil iomlán de Dháil Éireann, teach an Oireachtais a bhfuil smachtaithe go hiomlán ag an rialtas reatha. Chaillfimis gach gné den tSeanad a bhfuil á luacháil againn.

Is níos stuamaí agus níos ciallmhaire atá tograí leasuithe Michael McDowell, a leathnaíonn na painéil Seanaid do gach duine a bhfuil cáilithe iad a vótáil, a ligeann do fheirmeoirí vótáil an painéil feirmeoireachta, mar shampla. Dheimhneodh sé sin go rachaimis i ngleic leis an scothroghnachas gan na gnéithe a dhéanann luachmhar an Seanad a chailleadh.