Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 2, 2016

Briseann Toghadh Ruane a lán Síleálacha Gloine, Ach tá Níos Mó ag Teastáil Chun Athrú a Chur i bhFeidhm

Níl ach an chéad coiscéim atá i dtoghadh duine amháin éagsúil chun na geataí a oscailt do chách den chúlra céanna.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is máthair shingil as Tamhlacht an lucht oibre í Lynn Ruane a d’fhág an scoil nuair a bhí sí cúig bhliana déag d’aois. Dé Chéadaoin, toghadh í mar sheanadóir i dtoghdas a fheictear mar an ceann is scothroghnaí sa tír. Is é an rud a leanann é sin go dosheachanta ná comhrá faoi bhriseadh síleálacha gloine áirithe. Ní hamháin go raibh Ruane tofa ag céimithe a thagann ó aicmí sóisialta níos airde ná a buntús, ach todhadh í de bharr feachtais ar son rochtana oideachais do dhaoine le cúlra atá cosúil leis an gceann atá aici. Sa tSeanad – teach phairliminte féin a cheaptar gur scothraoghach í – beidh Ruane mar ghuth ar son na ndaoine seo, curadh an lucht oibre.

Ach tá sé tábhacht smaoineamh ar inchialla fatéarmacha dá toghadh, agus an méid a athraíonn sé cúrsaí mar atá siad faoi láthair. An bhliain seo chaite, bhí Ruane ar thús cadhnaíochta na staire i mbealach cosúil leis sin agus í tofa mar Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide. Thar aon rud eile, bean a bhí inti, an chéad ban-uachtarán le níos mó ná deich mbliain, in aontas ina bhfuil fir ceannasach an chuid is mó den am. Comh maith leis sin, mac léinn aibí a bhí inti – an chéad uachtarán den sgahas sin le blainta anuas. Freisin, is den lucht oibre í – rud nach ndéanann sí iarracht cur i bhfolach, agus tá sí i gceart ar an bpointe seo.

Ach ní osclaítear na geataí do chách den chúlra céanna trí duine amháin éagsúil a thoghadh, rud a d’aithin Ruane féin. I mí Feabhra, agus í ag déanamh tráchta ar an méid beag ban a bhí ag iomaíocht sna toghcháin mac léinn, dúirt sí go raibh súil aici go mbeadh í féin a fheiceáil sa ról mar ionsparáid iarracht a dhéanamh sa toghchán dóibh. “B’fhéidir nach raibh mé amach ansin le linn an sé mhí seo caite chun mná a spreagadh do mo ról a bhuachan,” a dúirt sí.

ADVERTISEMENT

Beidh Ruane mar ghuth riachtanach an lucht oibre comh fada is atá ról aici a ligeann di é sin a dhéanamh. Ach ní athraíonn cúrsaí mar atá siad i láthair na huaire trí sheanadóir amháin a thoghadh, agus ní chiallaíonn toghchán amháin go bhfuilimid in ann fáil réidh lenár mbuairt faoi scothroghnachas. In áit caitheamh leis an ráth sin mar bhriseadh síleálach gloine, ba cheart go bhféachfaimis air mar phábháil slí.