Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 29, 2016

I Margadh Oibre Deacair, tá Scéim Níos Caolchúisí Ná JobBridge ag Teastáil

I dtimpeallacht ina bhfuil deacrachtaí mhóra ag céimithe iomaíocht a dhéanamh lena gcomhaoisí, is féidir le scéimeanna intéirneachta cabhrú leo ach tá athchóirithe suntasacha ag teastáil.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo caite, fógraíodh go gcuirfeadh críoch leis an scéim mícháiliúil JobBridge i Meán Fómhair agus go n-athsholáthrófar é le clár nua. Tharraingíonn an nuacht sin ceisteanna anuas faoin bhfoirm a bheidh ag an gcóras nua, chun dul i ngleic lena fhadhbanna a cháineadh go mór.

Bunaíodh an scéim idéalaithe JobBridge chun an cíor thuathail dífhostaithíochta a bhriseadh ar son céimithe agus daoine a bhí dífhostaithe go fadtéarmach. Áfach, cáineadh go forleathan í as dúshaothrú daoine óga agus dífhostaithe a chur chun cinn, agus roinnt daoine ag rá gur “obair éigeantais” a bhí ann. Leoga, nochtadh scéalta amhrastacha faoin mbealach ina d’úsáid comhlachtaí coigilteacha chun costais foirne a chíorrú, ag tairiscint beagáinín taithí fhiúntach dá “bhfostaithe.”

Cuireadh casadh dearfach ar thorthaí na scéime, ag iarraidh a faillithe a cheilt. Mhaígh a lán intéarnach go raibh “taithí dhearfach” acu. Áfach, cé go bhfuil aiseolas dearfach inmholta, ní léiríonn sé gur chomhlíon an clár an aidhm a thug sé dó féin. Ba cheart go mbeadh intéirneachtaí ina n-eispéiris oideachasúla ina nochtar do rannpháirtithe a lán gnéithe den saol gairmiúil agus ina thugtar mórán deiseanna dóibh chun a scileanna oibre a fhorbairt. In áit é sin, d’úsáidaítear a lán daoine i measc na oibrithe a ghlac páirt i gceann den chéad 5000 intéirneachtaí JobBridge chun obair sclábhaíochta a dhéanamh do chomhlachtaí.

ADVERTISEMENT

Agus an rogha idir dífhostaíocht agus rannpháirtíocht i scéim mar sin os comhair nua-chéimithe, is éasca an fáth a thuiscint go socraíonn siad obair saor in aisce i JobBridge. Áfach, ar an drochuair, tá an scéim seo tar éis cultúr oibre gan pá atá faoi bhláth a dhlisteanú, rud a dhéanann riachtanas d’obair dheonach a dhéanamh chun iomaíocht a dhéanamh i margadh oibre atá teoranta.

Tá scéim níos caolchúisí ag teastáil má tá gealltanas an Aire Coimirce Sóisialaí nua-cheaptha, Leo Varadkar, go bhfuil JobBridge á athsholáthar a chomhlíonadh. Rinne cur chuige maol JobBridge faillí i dtabhairt aire dona grúpaí éagsúla a bhain úsáid as an scéim, agus an scéim intéirneachta chéanna á tairiscint do chách, idir céimithe agus ceardaithe. Cuirfear fáilte roimh chóras níos caolchúisí ina thairgfí deiseanna luachmhaire forbartha gan dúshaothrú i measc céimithe agus daoine atá gan obair le fada.