Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 22, 2016

I measc dul chun cinn ar Fhadhbanna an Chomhphobail LGBT, is Cúis Imní í Polarúchán Domhanda

Agus bliain caite tar éis an reifrinn cothromaíochta pósta, is áit míchairdiúil í an domhan fós do dhaoine nach gcomhoiriúnaíonn

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus Éire ag cuimhniú ar chomóraidh bliana a faofa phósta comhghnéis trí reifreann ar an 23ú Bealtaine, 2015, is mór an fáth le haghaidh bród náisiúnta agus céiliúradh. Thóg an 34ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann aird na meán nuachta domhanda go hÉirinn, ag aithint go háirithe an bhealach ina thug an phoblacht Caitliceach “dúshlán dá stair.”

Tar éis an chinnidh stairúla sin, tá trí cheann bhreise i measc na 22 tír a aithníonn pósta comhghnéis. B’éasca an rud é smaoineamh air sin mar threocht fhorchéimní dhomhanda i bhfábhar aitheantais an phobail LGBT. Tá cuma níos cinnte ar an treocht sin toisc gur fhaomh parlaimint na hIodáile reachtaíocht pairtnéireachta shibhialta an tseachtain seo caite.

De bharr an dul chun cinn inmholta sin, is éasca dearmad a dhéanamh ar an íomhá níos leithne de smaointí agus iompar an chomhphobail domhanda i dtreo daoine LGBT. Tugann tuairisc atá foilsithe le déanaí ag an gCumann Idirnáisiúnta na Leispiach, na nDaoine Aeracha, na nDéghnéasach, na dTrasinscneach agus na nIdirghnéasach agus lena bhfuil acadóir Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Aengus Carroll, mar údar, le fios gur cion coiriúil é iompar homaighnéásach i 75 tír. Leoga, i sé cheann de na tíortha sin, gearraítear pionós an bháis le haghaidh an iompair sin.

ADVERTISEMENT

Níl taithí aonfhoirmeach ag an bpobal LGBT ar fud an domhain, agus ní hamhlaidh treo athraithe sochaíoch a chuireann isteach orthu. Tá cuimsiúchán agus inghlacthacht daoine nach mbaineann le coincheap traidisiúnta inscne agus gnéasachta mar threocht nach bhfeictearach san Iarthar, agus feictear an mhalairt sa chuid is mó den domhan. Leoga, is dócha go bhfuil dul chun cinn sa choirneál sin den domhan ag cur le diansaothrú gníomhaíochta stáit homaifóibeach, agus é ag tabhairt cuma níos réadúla agus níos cinnte don athrú agus don léirscaoileadh a chuireann eagla ar dhreamanna traidisiúnaíocha a smachtaíonn a lán sochaithe. Is dócha gurb é an frithbhualadh pléasctha an chúis le socrú siombalach North Carolina gan ligint do thrasinscnigh úsáid leithris ach amháin na cinn a bhaineann leis an inscne a thugadh dóibh ag a mbreith.

Éilíonn na bealaí éagsúla agus polaraithe ina chaitear leis an bpobal LGBT ar fud an domhain go bhféachaimid thar an taithí Éireannach agus go dtuigimid nach íomhá dul chun cinn atá i ndán don domhan, ach íomhá ilghnéitheach a bhfuil aird agus gníomhaíochas ag teastáil uaithi.