Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 22, 2016

Is Réiteach Thar Meán le Fadhb Thar Meán iad Cuótaí Inscne Acadóirí

Tá athruithe sistéimeacha cáilíochtúla ag teastáil ó threochtaí éagsúla in ardú céime fear agus ban.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le linn na seachtaine, dhearbhaigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a plean chun cinntiú go n-ardaítear níos mó ban go poist acadúla sinsearacha trí cuótaí inscne éigeantacha a chur i bhfeidhm. Is de réir cur chuige “cascáid” a ardaítear uimhir ban níos mó, ina bhraitheann sé ar an uimhir ban incháilithe atá ag an ngrád gairme níos ísle ná é sin.

Chun beagán comhthéacsa a thabhairt, tá an chuid is mó de phoist léachtóra in OÉ Gaillimh ag mná, ach titeann an céatadán sin go 30 faoin gcéad de phoist léachtóra sinsearaigh, agus go 10 faoin gcéad i measc na gcomhollamh. Tá an dlí á chur ar an ollscoil ag cúigear bhean a chuaigh sí tharstu maidir le hardú céime.

Is thar meán an réiteach í cur i bhfeidhm cuótaí inscne, agus dá bharr sin, ba cheart go n-iarrfaimis an bhfuil an saghas gníomhaithe sin riachtanach maidir leis sin. I gColáiste na Tríonóide, ollscoil a fuair gradam anuraidh de bhrí cothaithe comhionannais inscne i bpoist eolaíochta, matamaitice agus ábhar nasctha, feicimid nach bhfuil ach 14 faoin gcéad d’ollaimh ina mná. Agus an treaocht sin le feiceáil i ndá cheann de na hollscoileanna is mó in Éirinn, tugtar muid le tuiscint nach aimhrialtas staitistiúil atá i gceist. Má ghlacaimid le dlisteanacht na fírinne sin, tá sé intuigthe leis sin go bhfuil níos lú cáilíochtaí agus suim san ardú céime ag mná, go ginearálta, cé go bhfuil an suim chéanna acu i saol gairmiúil mar acadóira thosnú.

ADVERTISEMENT

Ceaptar i measc daoine áirithe gur saghas leithcheala é córas cuótaí inscne, agus i measc daoine eile, gur olcas riachtanach é atá ag teastáil chun dul i ngleic le bacainní imchruthacha a bhacann iomaíocht chothrom. Cé go bhfuil eagla ar an gcéad dream sin faoi ardú céime ban lagmheasartha, nach chóir dúinn smaoineamh ar na fir lagmheasartha uair amháin ar a laghad. An gcreidimid i ndáiríre go bhfuil na treochtaí éagsúla san ardú céime fear agus ban bunaithe ar dhifríochtaí i gcumas agus i suim atá cinntithe ag inscne? Is cinnte go nochtann na torthaí éagothroime sin méid suntasach éagothroime i ndeiseanna.

Míníonn an éagothroime leanúnach i ndeiseanna sin an riachtanas beartas gearrthéarmach chun torthaí éagothroime a athrú. Ní ionann cothromas is a rá go mbeadh gach dream post roinnte i gcomhréir inscne, ach go mbeadh foireann le 90 faoin gcéad acadóirí ina mná comh dóchúil le foireann le 90 faoin gcéad acadóirí ina bhfir. Tá réiteach sistéimeach ag teastáil chun dul i ngleic leis na difríochtaí cáilíochtúla sna bealaí ina idirghníomhaíonn fir agus mná leis an domhan. Go dtí go bhfaighfear réiteach níos fearr, ní gá cuótaí inscne a chur as an áireamh.