Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 8, 2016

Léiríonn Cóisir Iarshiamsa Bál na Tríonóide Cultúr Eisiach Ents

Thrasnaigh an pháirt a ghlac oifigeach siamsaíochta Aontais na Mac Léinn, Katie Cogan, in eagrú na cóisre líne idir cúrsaí pearsanta agus cúrsaí gairmiúla.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le linn na seachtaine, nocht The University Times gur ghair Uachtarán Aontais na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, Lynn Ruane, cruinniú Boird na n-Iontaobhaithe chun cóisir iarshiamsa Bál na Tríonóide a d’eagraigh Katie Cogan, oifigeach siamsaíochta an Aontais, a phlé.

Níor an chéad uair a bhí ann a bhfuil cóisir iarshiamsa eisiach eagraithe ag oifigeach siamsaíochta. Fógraíodh gníomhartha an Bháil ag cóisir seolta oifigiúil ag “láthair neamhainmnithe” agus cuireadh é sin ar bheoshruth ar líne. Thug sé sin leid do fhrithghníomhuithe diúltacha, ar nós tráchta a dúirt “sin an fáth nár thaitin Tríonóide le héinne.” Áfach, níos mó a rinneadh don chóisir iarshiamsa sin. Díoladh na ticéid le costas bhreise €15 orthu (comh maith le costas €80 ticéid Bál na Tríonóide) agus bhí an liosta aíonna teorannaithe ag Cogan agus ag an gcoiste DUDJ. Thug Cogan rabhadh dá haíonna go raibh sonraithe na hócáide á choinneáil “go hiomlán faoi rún” agus nach raibh ag éinne freastal “ach amháin le cuireadh.”

Gach bliain, seasann iarrthóirí i dtoghchán oifigigh siamsaíochta le feachtais cuimsitheachta agus, an chuid is mó den am, cuirtear díomá ar mhic léinn de bharr an réimse ócáidí a chuirtear ar siúl. I mbliana, is mór an rath a bhí ag ócáidí a bhí eagraithe ag an Aontas, agus iad ag tarraingt mac léinn ó gach taobh den Choláiste chuig ócáidí cosúil le The Blue Planet, Back to the Future agus Ents Express (le téama Harry Potter). Ar an droch-uair, baineann an chóisir iarshiamsa an bonn ón rath sin agus is meabhrúchán í go bhfuil an steiréitíopa den chultúr Ents ina bheatha agus ina shláinte.

ADVERTISEMENT

Níl eagrú na cóisre Katie Cogan a bhí sa nuacht, ach gur cheap an t-Uachtarán, agus an príomh-oifigeach feidhmeannach den Aontas, go raibh sé de dhualgas uirthi cruinniú Boird na n-Iontaobhaithe a ghairm. Ceaptar go ndearna sí é sin toisc gur thrasnaigh gníomhuithe pearsanta Cogan líne éiginnte idir cúrsaí pearsanta agus cúrsaí gairmiúla. Úsáidaítear a post mar oifigeach siamsaíochta chun tícéid a dhíoladh don chóisir iarshiamsa le linn uaireanta oifige, agus chun cuireadh a thabhairt do DJ Seth Troxler tríd a rochtain do cheoltóirí an Bháil. Agus nuair atá leath na mac léinn ag cúlchaint faoi ainriantacht lán le drugaí a bhí eagraithe faoi rún ag ionadaí íoctha na mac léinn céanna sin, ní leor leithscéal “saoil príobháidigh” a thuilleadh. Sa chás sin, tá gníomhuithe pearsanta ag déánamh dochair do chlú fostaitheora an duine seo agus sin gan aird a thabhairt ar na hiarmhairtí dhlíthiúla a bheadh ann dá mbeadh timpiste de shaghas éigin ann.

Léiríonn an chóisir iarshiamsa a lán rudaí gur fuath le daoine maidir leis an ionghrúpa meabhairbhraite a bhfuil ról acu in Ents, agus, go forleathan, i gColáiste na Tríonóide ina iomlán. Buanaítear an t-eisiachas, cultúr na ndrugaí, rachmhas agus scothroghnachas a bhaineann le mic léinn Choláiste na Tríonóide i scéalta ón gcóisir iarshiamsa.