Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 29, 2016

Ní Réiteofar an Iomarca Fadhbanna san Ardoideachas trí Tháillí an Mhic Léinn a Ardú

Mar a léiríonn na stailceanna sa Ríocht Aontaithe le déanaí, ní leor é táillí an mhic léinn a ardú chun dul i ngleic le formhór dena fadhbanna atá ag cur isteach ar an earnáil sin.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le linn na seachtaine, rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tuairisc a mhínigh nach mbeadh méadú táillí an mhic léinn go 4,000 sa bhliain dothánach chun an t-easnamh i maoiniú ardoideachais a réiteach – easnamh atá ag dul go mór in olcas. Leoga, áitíonn comhlacht stáit le déanaí gur féidir go mbeadh “impleachtaí tromchúiseacha agus doleigheasta” i ndán do “inbhuanaíocht todhchaí” institiúidí ardoideachais.

Is práinneach agus tromchúiseach atá an fhadhb maoinithe leanúnach in ardoideachas na hÉireann, agus ionadaíonn an rogha córais chun í a réiteach – cé acu iasachtaí mac léinn nó córas lán-mhaoinithe ag an stát atá i gceist – suíomhanna idé-eolaíochta difriúla. Tá eagla ar a bhfuil i gcoinne córais le táillí níos airde go gcothódh méadú beag sna táillí anois méaduithe níos mó sa todhchaí. Leoga, sin a tharla le táille ranníocaíochta an mhic léinn, agus a bhfuil, de réir dealramh, i ndán ó fhianaise na tuairisce seo.

Scéal difriúil a bheadh ann dá mbeadh uimhir draíochta ann a réiteodh gan amhras an córas. Ach, tar éis sracfhéachaint a thabhairt ar an gcóras ardoideachais ar an taobh eile de Mhuir Éireann, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an uimhir sin ann, nó go bhfuil sé i bhfad ró-fhada, dothomaiste b’fhéidir. Tá na fhadhbanna chéanna a dhéanann dochar don chóras Éireannach i láthair sa chóras Sasanach freisin, in ainneoin táillí bhliantúla de 9,000, an ceann is airde san Eoraip.

ADVERTISEMENT

Le linn na seachtaine, thosaigh léachtóirí ar fud na Ríochta Aontaithe, leis an Aontas Ollscoile agus Coláiste gníomhaíocht thionsclaíoch de bharr coimhlinte faoi phá, agus is iad an meath ina bpá ó 2009, a n-obair neamhchinnte agus difríocht pá idir na hinscní. Ní hamhain go leanann na fadhbanna sin ar aghaidh in ainneoin na dtáillí ard, ach is iomaí acu atá cruthaithe ag cur chuige mícheart maidir le tacaíocht a thabhairt d’obair ollscoile, comh maith le ganntanas airgid. Déantar ardú táillí an-mhealltach mar thaca a chothaíonn institiúidí marbhánta agus a ligeann do chostais oibriúcháin dul in airde.

Ní hamháin go bhfuil sé míchothrom ról íocaíochta a thabhairt do mhic léinn nuair atá toil an rialtais in easnamh, ach ní dócha go réiteoidh sé sin an chuid is mó dena fadhbanna atá ag crá is ag creimeadh an earnáil sin. Ní réiteofar mórán dena fadhbanna sin trí airgead a chaitheamh orthu.