Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 15, 2016

Sriantachtaí ar Thógáil Nua a Theorannaíonn Soláthar Tithíochta Bhaile Átha Cliath agus a Ardaíonn Cíosanna

Braitheann fás fadtéarmach Bhaile Átha Cliath ar réiteach le fadhb soláthair tithíochta na cathrach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a théimid taobh amuigh de bhallaí Choláiste na Tríonóide na laethanta seo, chun taitneamh a bhaint as an ngriain ar Fhaiche Stiabhna nó chun caife cothaitheach eile a cheannach, aimseoimid fianaise inbhraite den bhorradh eanamaíochta. Gan bacadh le tuairmí faoi shonraithe an bhorrtha sin, is cinnte go bhfuil fáilte níos mó roimhe ná a bheadh roimh a neamhláithreacht. Ar Shráid Theach Laighean amháin, tá trí mór-thionscadail tógála á chur i gcrích, agus cruthaíonn gach ceann acu fostaíocht luachmhar agus meallann siad níos mó gníomhaíochta tráchtála chuig an gcathair. Áfach, ní éiríonn leis na tionscadail sin soláthar tithíochta na cathrach a athrú i mbealach atá i gcomhréir leis an bhfás lena bhfuilimid ag súil go mór.

An tseachtain seo caite, d’fhoilsigh Daft.ie a thuairisc is déanaí faoi mhargadh tithíochta na hÉireann. Aimsíonn sé ganntanas ainsealach soláithair tithíochta, go háirithe i margadh cíosghnólachta láir na cathrach Átha Cliath, a ardaíonn cíosanna bhliaintúla ar luas sracaireachta. Béimníonn Ronan Lyons, eacnamaí Choláiste na Tríonóide, údar na tuairisce Daft.ie, costais tógála “nach bhfuil i gcomhréir le leibhéal meán-ioncaim,” mar chúis leis an bhfadhb soláthair.

Ach ina theannta sin, ba cheart go smaoineoimis ar shriantachtaí airde agus a dtionchar ar sholáthar tithíochta féideartha na cathrach. An bhliain seo caite, d’éiligh aighneachtaí ón Údarás Náisiúnta Iompair agus ón Feidhmeannas Seirbhísí Sláinte solúbthacht níos mó sna rialacháin sin, dena réir níl cead foirgnimh le níos mó ná 16 úrlár cónaithe a thógáil ach amháin sna Dugthailte, Cé Sheoirse, agus i gceantair Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún Heuston. Teorannaíonn na sriantachtaí aondeonacha sin fás féideartha na cathrach.

ADVERTISEMENT

Is léir go bhfuil coimheá le haimsiú chun cultúr agus aestéitidil na cathrach a chaomhnú ó ghníomhaíochtaí ár maistrí caipitleacha dímhorálta. Ach faoi láthair is i bhfad ar an taobh eile atáimid. Tá deacrachtaí móra le sárú ag daoine óga leis gcostas beatha atá ag dul in airde agus is maith an fáth atá acu dul thar lear agus iad ag cur túis lena saolta gairmiúla.

Má táimid in aontas go bhfuil staid cíosanna Bhaile Átha Cliath do-ghlactha, nó neamh-inmhianaithe ar a laghad, ba cheart go mbeadh áit lárnach ag iarrachtaí soláthair tithíochta cíosa a mhéadú i ngach réiteach atá áitithe. Sa ghearrthéarma, laghdaíonn beartais cíosrialaithe brú airgeadais ach níl ach daoine a bhfuil tithíocht acu cheana féin a chabhraíonn siad leo. Cuireann cíosanna atá íseal go mínádúrtha an fhadhb soláthair in olcas tríd an dreasacht airgeadais foirgneamh nua a ligint ar cíos a bhaint. Braithfidh inbhuanaitheacht fáis Bhaile Átha Cliath ar chumas an rialtais smaoineamh thar na beartais sin agus pleanáil le haghaidh ratha fadtéarmach.