Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 2, 2016

Tar éis na gCiorruithe, Níos Mó Fianaise a Léiríonn go bhfuil an Rialtas chun deiridh ar an bPobal

Agus mic léinn ag aontú chun agóid a dhéanamh maidir leis na ciorruithe sláinte intinne, béimnítear neamhéifeachtacht an rialtais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá fearg curtha ar an gcuid is mó den phobal ag an bhfógra go mbainfidh €12 milliún ón mbuiséad sláinte intinne, ach is daoine óga agus mic léinn go háirithe atá tar éis frithghníomhú go glórach.Comh maith le hagóid a dhéanamh taobh amuigh de Theach Laighean an tseachtain seo caite in éineacht le Teachtaí Dála, Seanadóirí agus gníomhaithe, bhailigh mic léinn ar champais ollscoile ar fud na tíre agus ar líne chun teachtaireacht shoiléir a sheoladh chuig na daoine a oibríonn i dTithe an Oireachtais.

I dtír ina raibh fadhbanna sláinte intinne ar an iomlán míthuigthe, dearmadta agus stiogmataithe, is siombail den mhéid dul chun cinn atá déanta ag Éirinn í an saghas freasúra forleithne sin i gcoinne na gciorruithe. Léiríonn sé go háirithe an tuiscint de shláinte intinne agus a tábhacht atá ag daoine óga na tíre. Cuireadh an feachtas meán sóisialta iartheachtach i gcrích ní hamháin chun freaschur na gciorruithe a éileamh ón rialtas, ach ina theannta sin chun scéalta pearsanta faoi fhíseanna de chóras sláinte intinne dea-mhaoinithe a roinnt. Nocht na postálacha iartheachtacha tuiscint fhorleathan castachta sláinte intinne. In áit deighilte dolúbtha idir fadhb indiagnóisithe agus dea-shláinte iomlán, bhí tuiscint de mhiondifríochtaí agus éiginnteachtaí na mbealach ina oibríonn ár meabhracha. Caitheadh le sláinte intinne mar sháinte fhisiciúil, le hatrua agus le tuiscint i dtreo daoine eile, ag aithint go mbeadh na seirbhísí sin ag teastáil ón gcuid is mó dúinn uair amháin le linn an tsaoil ar a laghad. B’fheidir go raibh #IAmAReason mar haischlib ar an bhfeachtas, ach, trí thacaíocht a thabhairt lena chéile, léiríomar go bhfuilimid go léir, go cnuasaitheach, mar fháthanna.

Feachtas lánaibí, follas agus aontaitheach a bhí ann, a chuaigh go soiléir i gcomparáid le staid inmheánach Tí Laighean. Le linn na tréimhse a chaith daoine óga taobh amuigh den fhoirgneamh, ag léiriú na tuisceana forleithne atá aimsithe ag Éirinn ar thábhacht seirbhísí sláinte intinne, bhí Fine Gael agus Fianna Fáil ag leanúint lena neamhláithreacht leanúnach de dhá mhí, agus iad ag ligint na tíre gan rialtas. Gheall na páirtithe sin roimh an ollthoghchán an tuairisc moltaí is déanaí faoi shláinte intinne “Fís i dtreo Athraithe,” a fhoisíodh sa bhliain 2006, agus léiríonn sé sin cé chomh tite chun deiridh atá siad.

ADVERTISEMENT