Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 12, 2016

Tar Éis Ganntanais Tacaíochta Rialtais, Is Masla atá i Smacht Rialtais ar Ollscoileanna a Thairgeadh

Is mór an bhagairt don earnáil chráite atá i méadú na gcumhachtaí ar ollscoileanna atá ag an rialtas a thairgeadh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tógann clár reachtaíochta an rialtais le haghaidh na seachtainí agus na míonna atá amach romhainn, trí cúpla billí a bhí ar chlár oibre na Dála ó thréimhse roimh an olltoghchán a áireamh, athchóirithe suntasacha do struchtúr agus eagraíocht institiúidí tríú leibhéil na hÉireann. Ina measc, tá roinnt tograí gur féidir leo staid sobhriste agus chráite na hearnála agus a córas maoinithe a chur in olcas, is gá a aithint.

Tá ceann de na beartais sin le haimsiú sa Bhille Ollscoileanna (Athchóiriú) 2012, togra a bhí le blianta anuas ar chlár reachtaíochta an rialtais deireanaigh agus a bhfuil curtha chun cinn i ndoiciméad na roinne a sheoladh chuig an Aire Oideachais agus Scileanna a cheapadh le déanaí, Richard Bruton. Tabharfadh an athchóiriú sin a thairgeadh cumhachtaí chuimsitheacha don Aire orduithe a fhorfheidhmiú maidir le luach saothair foirne, ag ligint don Aire duine a cheapadh a bheadh in ann gníomhú ar son na institiúide tríú leibhéil chun an ordaithe a chomhlíonadh. Tá na beartais sin indéanta nuair a “cheapann an tAire go ndearna ollscoil faillí i gcomhlíonadh.”

Tá an t-athchóiriú sin comh achrannach sin de bharr na bagartha atá ann maidir le neamhspleáchas na n-ollscoileanna, mar ceadaíonn sé forghabháil ceannaireachta agus eagraíochta na n-ollscoileanna de réir tuairime an rialtais amháin. Déanann réim trom na meicníochta forfheidhmithe sin agus an bhealach aontaobhach ina bhfuil an tAire in ann é a ghlaoch dodhéantacht de bharrshamhail earnáil ardoideachais neamhspleách, a bhfuil cumas rialtais agus na sochaí a scrúdú agus a cháineadh. Mar atá ráite ag Eoin O’Dell, Comhalta agus Comhollamh Dlí, a chuidigh leis an Seanadóir Seán Barret togra ailtéarnachta a dhréachtú, déanann an beartas faillí in aithint go bhfuil cion níos mó ná riamh de mhaoiniú ollscoile tarraingthe ó fhoinsí taobbh amuigh den stát, ag tabhairt cead don rialtas cionroinnt airgid phríobháidigh atá ag ollscoileanna a smachtú.

ADVERTISEMENT

Tá dianseasmhacht an athchóirithe sin i measc pleananna an rialtais sin níos bacainní fós de bharr drochstaid airgeadais ollscoileanna na hÉireann, atá tar éis cíorruithe fairsinge a fhulaingt in ainneoin meaduithe ollmhóra den mhéid mac léinn. Sin rud a chuireann sé de dhualgas ar ollscoileanna maoiniú a lorg in áiteanna eile. Is masla scanrúil atá sa smaoineamh athchóirithe struchtúrtha a úsáid chun smacht an rialtais a athchur i bhfeidhm ar ollscoileanna, go háirithe tar éis laghdaithe leanúnaigh de thacaíocht rialtais óna hollscoileanna sin.