Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 17, 2016

Agus muid ag troid na Géarchéime, tá méid Mac Léinn i measc ár Láidreachtaí

Is iomaí bacainní atá ag teorannú gluaiseachta na mac léinn, mar easpa taithí, ach níl méid daoine ina measc.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

In ainneoin na mbacainní atá os comhair gluaiseachta na mac léinn, ina measc easpa taithí, daonra neamhpholaitiúil agus poist gearrthéarmacha do dhaoine a bhfuil údarás acu, nochtann a héachtaí fírinne an tseanfhocail “ní neart go cur le chéile.” Agus 200,000 mac léinn in Éirinn, is mór an Leiviatan é an daonra sin agus is iomaí samplaí de fheachtais ollscoile rathúla atá ann. Is é an rud atá in easnamh go minic ná comhoibriú comhghreamaitheach, agus i measc na n-iarmhairtí de sin tá a lán deiseanna caillte chun athrú.

D’ullmhaigh foilsiúchán na tuairisce Cassells mic léinn le haghaidh díospóireachta. Is gá do dhaoine atá inár measc atá ag súil leis an toradh is fearr den tuairisc an deis gearr seo a úsáid sna seachtainí atá amach romhainn.

Thosaigh Aontais na Mac Léinn cheana féin comhphlé, agus gach uachtarán de na haontais atá cleamhnaithe le USI tar éis siniú litir oscailte ag diúltú scéim iasachtaí rialtais atá leagtha amach sa tuairisc Cassells ag lá oiliúna na n-aontas. Cé go raibh an grúpa cosmhuintire Choláiste na Tríonóide “Students Against Fees” díograiseach agus iad ag diúltú an plean seo ón mbliain seo caite, tá tábhacht siombalach ag an litir seo do mhic léinn, go háirithe tríd an íomhá de 27 uachtarán ag seasamh an fód le chéile.

ADVERTISEMENT

Ní gá do chomhoibriú mac léinn bheith ar an leibhéal náisiúnta amháin, ta fadhbanna den saghas céanna ag Tuaisceart Éireann agus bhí ionadaithe ó Ollscoil na Banríona, Béal Féirste agus Ollscoil Uladh ag an lá oiliúna freisin. Léirigh Fossil Free TCD fírinne an phointe seo ag People and Planet’s Summer Gathering agus í ag seoladh a céád toscaireacht Éireannach. Is é an rud a chinntíodh le linn na comhdhála ná ggo bhfuil an fhadhb chéanna ag a lán feachtas dífheistithe, agus breithniúchán geallta ag ollscoileanna dóibh gan gníomh díreach ar bith. Agus iad ag foghlaim óna gcuid taithí, bhéimnigh meán comhiobrithe chun an aidhm domhanda – in áit náisiúnta – a chur i bhfeidhm. Is meon é a bhfuil de dhualgas orainn scaipeadh.

Is gá glacadh le samplaí USI agus Fossil Free TCD chun réiteach sásúil a aimsiú maidir le maoiniú ardoideachais. Gan fianaise ar bith go mbeidh ról ar bith ag eagraíochtaí mac léinn – na páritithe leasmhara is mó sa chomhthéacs sin – sa phróiseas comhairliúchán agus sa díospóireacht traspháirtí, tá comhobriú riachtanach.