Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 17, 2016

Caithfidh Gluaiseacht na Mac Léinn Tairbhe a Bhaint as Aird ar an nGéarchéim Maoinithe

Is gá do cheannairí mac léinn agus na n-ollscoileanna cinntiú go leanfaidh an díospóireacht ar mhaoiniú ardoideachas.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Galaíonn nuacht. Déantar dearmad ar scéalta. Imíonn áibhéil. Is beag an bhuanaíocht atá i ndomhan tapa agus ríghnóthach na nuachta. Tá na fadhbanna éagsúla atá ag crá na tíre in iomaíocht chun aird phoiblí a mhealladh, agus ní féidir ach le cuid bheag bheith i mbéal an phobail ag nóiméad áirithe. Braitheann na scéalta a fhanann i samhlaíocht an phobail ar thábhacht na faidhbe agus freisin, ar an méid gníomhaíochta inbhraite atá ag tarlú timpeall orthu. Tuairiscítear imeachtaí cinniúnach, ach ní hamhlaidh éag leanúnach agus mall

Áfach, tá an ghéarchéim reatha san earnáil tríú leibhéil ceann amháin de na géarchéimeanna sin atá ag leanúint agus ag dul in olcas óna cíorruithe maoinithe stáit agus na huimhreacha méádaithe de mhic léinn tar éis an chulú eacnamaíochta. Aithníodh é sin sna meáin chumarsáide ó am go ham, ach go hachomair, sular chuir easpa gníomhaíochta inláimhsithe aird an phobail ar fhadhb eile.

Dá bharr sin, cuireann foilsiúchán tuairisc an Ghrúpa Oibre Cassells le linn na seachtaine deis cinniúnach do ghluaiseacht na mac léinn agus do gach duine a aithníonn luach an ardoideachais. Fuair sí tuairisceoireacht mhór sna meáin, agus bhí baill an ghrúpa agus airí rialtais ag déanamh tráchta go poiblí faoi thábhacht na tuairisce agus a hiarmhairtí. Fuair na pleananna le haghaidh scéime iasachtaí rialtais an chuid is mó den tuairisceoireacht sna meáin, in ainneoin an trí rogha atá leagtha amach sa tuairisc. Áfach, an tseachtain seo, go hachomair, bhí maoiniú ollscoile i mbéal an phobail.

ADVERTISEMENT

Caithfidh gluaiseacht na mac léinn freagairt don aird meán a bhaineann le hardoideachas agus a mhaoiniú, agus atá tar éis í féin a thaispeáint go tobann. Tá achar airde na sochaí gearr agus is dócha, agus éisteacht coiste traspháirtí lena thorthaí agus tuairiscí féin fós le déanamh, go ndíreofar aird an phobail i dtreo eile. Is gá do eagraíochtaí mac léinn agus ollscoileanna gníomhartha a dhéanamh chun an díospóireacht phoiblí seo a chothú. Tabharfaidh léirsithe, agóidí agus gníomhaíocht inláimhsithe don ardoideachas an aird atá tuillte aige.

Ní go dtí go bhfuil ardoideachas go mór i mbéal an phobail go mbeidh dreasacht ag polaiteoirí an ghéarchéim a réiteach.