Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 3, 2016

Déanann Mic Léinn Gearán i dTráchtanna Facebook faoi Scrúduithe na Nollag, ach Níor Fhreastal siad ar an gComhairliúchán

In ainneoin iarrachtaí an Choláiste, is beag rannpháirtíocht mac léinn a fheictear maidir leis an tionscadal, rud a déanann fásach diúltach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Níor cheart go gcuirfeadh an nuacht go mbeadh Coláiste na Tríonóide chun struchtúr bliana nua, agus scrúduithe na Nollag mar ghné de, á chur i bhfeidhm ionadh ar mhic léinn. Le míonna anuas, bhí an Coláiste ag cur foraim oscailte ar siúl faoi Thionscadal Oideachais Choláiste na Tríonóide, agus ag spreagadh idir foirne agus mic léinn lena dtuairimí a thairiscint. Tháinig an Leas-Phropast, atá ina urraitheoir den tionscadal, go dtí cruinniú Chomhairle Aontais na Mac Léinn Choláiste na Trionóide, chun eolas a thabhairt do ionadaithe ranga faoin tionscadal, agus í ag spreagadh na n-ionadaithe le freastal ar na comhairliúcháin agus le rá lena bpáirtithe ranga freastal orthu comh maith.

In ainneoin sin, ní raibh mac léinn ar bith i láthair ag an bhforam faoin struchtúr bliana athbhreithnithe ar an 18ú Aibreán.

D’fhéadfadh an easpa rannpháirtíocht sin ceann amháin de dhá rud a léiriú. B’fhéidir go raibh a fhios ag mic léinn faoin bhforam, agus ní raibh fonn soláthair orthu, nó b’fhéidir nár leor iad na hiarrachtaí dul i dteagmháil le mic léinn.

ADVERTISEMENT

Dealraíonn sé go bhfuil suim ag mic léinn faoi sin, áfach. Tar éis na nuachta go raibh an struchtúr faofa ag Comhairle na hOllscoile, bhí frithfhreagairtí láidre i dtráchtanna ar Facebook. Níl na mic léinn go léir in aontas maidir lena dtuairimí faoin leasúchán sin, ach gan amhras tá siad barúlach, le mórán smaointí curtha in iúl faoin éifeacht a bheidh aige ar a gcúrsaí nó orthu féin más sa Choláiste fós a bheidh siad nuair a chuirfear i bhfeidhm é sa bhliain acadúil 2017/2018. Ní féidir milleán a chur ar an gColáiste as aineolas na mac léinn, chun an fhírnne a rá. Cé gur minic a rinneadh scigmhagadh faoi de bharr a fhaillí i ndul i dteagmháil le mic léinn, bhí fíor-iarrachtaí déanta ag an gColáiste cumarsáid a dhéanamh leo maidir leis an tionscadal, ní hamháin trí struchtúir oifigiúla, ach trí mheáin eile freisin.

Cruthaíonn an easpa rannpháirtíochta mac léinn fasach atá mar cúis buartha, agus a rud a dhéanann sé níos deacra ná riamh áiteamh gur fiú é ról a thabhairt do mhic léinn sa phróiseas sin. Dealraíonn sé gur loic an próiseas foirmiúil comhoibrithe le hAontas na Mac Léinn – ceapfaí nár dheacair é aiseolas a fháil faoin mbeartas suntasach ó mhic léinn nuair atá ionadaithe de gach cúrsa ann.

Agus níos mó cinntí tábhachtacha le déanamh ag Tionscadal Oideachais na Tríonóide, cinntí a bheadh tionchar acu ar mhic léinn atá sa chéad cúpla bliana dá gcuid ama i gColáiste na Tríonóide, is gá don ghnáth-mach léinn, agus d’Aontas na Mac Léinn, tábhacht rannpháirtíochta a aithint. Mura n-aithnítear é sin, ní bheimid in ann ach an milleán a chur orainne féin nuair a dhéanfar droch-chinntí.