Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 24, 2016

Is Gá Caitheamh le Mic Léinn mar Pháirtithe Leasmhara Ríthábhachtacha in Ollscoileanna

Cothaíonn caidreamh naimhdeach dearmad ar mhic léinn, cé go bhfuil riachtanais acu, mar pháirtí leasmhar ar bith eile, ó choláistí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nochtann sracfhéachaint ar conas a chaitheann coláistí éagsúla na tíre le mic léinn éiginnteacht an chaidrimh idir cuallacht na mac léinn agus rialachas ár n-institiúidí. Is minic nach bhfuil ról ar bith ag mic léinn i bpróiseas cinnidh. Cé go bhfuil ionadaithe ag roinnt aontas na mac léinn ar bheagnach gach coiste choláiste, ní fíor é sin i ngach cás, agus dá bharr sin, ligtear an grúpa is mó de dhaonra na hinstitiúide gan cumahacht ar bith maidir le cinntí a rachaidh i bhfeidhm ar a staidéír agus ar a saolta laethúla.

I measc na samplaí is déanaí, agus is inbhraite de sin, tá cinneadh Foireann Bainistíochta an Choláiste i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) “seanbheár an Choláiste” a dhúnadh, cinneadh a bhí á cháineadh ag aontas na mac léinn, nach bhfuil ionadaí acu ar an gcoiste.

Ba mhór an botún é smaoineamh gur leor mac léinn a bheith ar an gcoiste chun cinntí gan tóir orthu a chosc. Níor choisc na hionadaithe ar bhord rialaithe Institiúid Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath (DIT) an fhadhb atá á fulaingt faoi láthair, agus aontas na mac léinn san institiúid seo chun bheith gan maoiniú ar feadh trí mhíosa ar a laghad. Ní leor ionadaithe mac léinn a chur ar an gcoiste chun cinntiú go n-éistfear lena dtuairimí, nó chun an dearcadh go bhfuil mic léinn ina gcráiteoirí a shárú.

ADVERTISEMENT

Is ró-mhinic a fheicimid caidreamh naimhdeach idir mic léinn agus rialachas cholaiste. Tá an saghas caidrimh sin le feiceáil sa dhearcadh go bhfuil mic léinn ag iarraidh pleananna an choláiste a bhacadh nó sa thuairim go mbeidh easaontas gan chríoch idir foirne agus mic léinn.

Is í an fhírinne go bhfuil mic léinn ina bpáirtí leasmhar ríthábhachtach i gcomhphobal an choláiste, cé gur minic nach gcaitear leo mar sin, agus is gá an meas atá intuigthe leis an stádas sin a thabhairt dóibh, cosúil le páirtí leasmhar ar bith eile. Léiríonn struchtúir rialachais Choláiste na Tríonóide, cé nár gan locht atá siad, gnéithe den fhealsúnacht sin. Ag Comhairle na hOllscoile, mar shampla chomh maith le hionadaithe foirne ó gach dámh, agus ó pháirtithe leasmhara ríthábhachtacha mar Oifig an Chaomhnóra Sinsirigh, feicimid ionadaithe fochéimí agus iarchéimí ag an mbord.

D’aithin tuairisc HEA a fhoilsíodh níos luaithe i mbliana go bhfuil mic léinn ina bpáirtí leasmhar de choláistí, tuairisc a d’éiligh go mbeidh ról acu i gcinntí institiúideacha. In áit caitheamh le mic léinn mar chráiteoirí, nó mar ghrúpa gur féidir smachtú, is gá go n-aithníonn coláistí go bhfuil ceannairí mac léinn cosúil le hionadaithe foirne, níl ach post oibre le déanamh acu.