Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 28, 2016

Agus é ag dul i bhFeabhas, Bacann Fadhbanna Seachtracha Coláiste na Tríonóide

Braitheann mealladh mac léinn go mór ar áiseanna, agus bactar iarrachtaí Cholaiste na Tríonóide.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tar éis athchóirithe an phróisis víosa, déanfar níos simplí na gnéithe atá ag crá de aistear an mhic léinn idirnáisiúnta chuig Colaiste na Tríonóide. Cé go raibh orthu fanacht i scuainí ar feadh uaireanta, beidh mic léinn gurb as tíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch in ann an próiseas a chríochnú i 60 nóiméad. Cé go mbaineann tairbhe leis do mhic léinn ar leibhéal an duine, is buntáiste é do Choláiste na Tríonóide ina iomlán mar ollscoil. Meallfaidh próisis simplí níos mó daoine chuig oideachas sa Choláiste, agus déanfar áit staidéir níos fearr den ollscoil.

Tá coiscéimeanna tábhachtacha dulta ag Coláiste na Tríonóide chun mic léinn a mhealladh chuig an ollscoi, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, le blianta anuas, mar atá léirithe straitéisí an Phropaist maidir le margaíocht domhanda. Dealraíonn sé go bhfuil na straitéisí sin éifeachtach: tá méadú tagtha ar an uimhir mac léinn ó thíortha iasachta, méadú a tháinig ar an uimhir daoine a scríobhann síos Coláiste na Tríonóide mar chéad rogha ar a bhfoirm don Lár-Oifig Iontrála, de bharr na n-iarrachtaí nua a dhéanann an Colaiste.

Tá a straitéisí sin inmholta, forchéimní agus riachtanach go mór in earnáil a bhunaítear ar chlú – is fianaise de seo atá sa chóras Lár-Oifig Iontrála. Áfach, ní bhacadh cuid mhór d’iarrachtaí riarachain Choláiste na Tríonóide chun mic léinn a mhealladh de bharr a éagumais féin, ach de bharr cúiseanna atá thar smacht na hollscoile. Cibé acu idirbhriseadh ar phleananna iostas a mhéadú, fadhbanna le feabhsú áiseanna de bharr easpa spáis, nó, ar ndóigh, fadhbanna maoinithe atá i gceist, b’fhéidir go mbeidh ollscoileanna eile níos mealltaí do mhic léinn.

ADVERTISEMENT

Ní dúshláin a chruthaigh an Coláiste féin atá sa chuid is mó de dhúshláin a díspreagfaidh mic léinn, agus a scriosfaidh deiseanna Cholaiste na Tríonóide bheith ina ollscoil chumhachtach idirnáisiúnta. Leoga, tugann ríomhphoist le déanaí ó Dhéan na Mac Léinn, a iarann ar chomhphobal an Choláiste seomraí a chur ar cíos chun dul i ngleic leis an ngéarchéim iostais, le fios go bhfuil an ollscoil ag troid na bhfadhbanna sin i mbealaí nuálacha.

Áfach, ní leor a bheidh iarrachtaí Cholaiste na Tríonóide má tá ollscoileanna idirnáisiúnta eile in ann iostas níos saoire, áiseanna níos fearr, agus próisis níos simplí do dhaoine a thagann ó thíortha iasachta a thairiscint. Cé gur seachtrach iad na dúshláin, beidh iarmhairtí inmheánacha le brath mura bhfuil Colaiste na Tríonóide in ann a achmhainneacht a chomhlíonadh.