Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 21, 2016

Agus muid ag Éileamh Maoiniú Ceart, Tá Níos Mó Comhghuaillithe in Aice Láimhe

Idir mic léinn as an Tuaisceart, iarchéimithe agus tuismitheoirí le fiachas - tá macasamhlacha agus comhghuaillithe ag an ngluaiseacht ar son oideachais saor in aisce.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus 81,000 mac léinn atá le teacht ag fanacht ar tairiscintí CAO Dé Luain, tá rialtas na hÉireann fós cráite ag buncheist táillí an mhic léinn. AGus iad ag tabhairt aghaidh ar an gcáinaisnéis i mí Dheireadh Fómhair, tá agóid eagraithe cheana féin ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ar an 19ú lá den mhí sin, agóid atá ag iarraidh “comhdhearcadh agus tacaíocht” ar son córais oideachais a mhaoinítear go poiblí a léiriú.

Tháinig 6,000 duine amach ag an agóid dheireanach sa bhliain 2014, rud a léiríonn codarsnacht mhór le blianta eile, ina raibh 20,000 nó 40,000 duine ag glacadh páirte. Cé gur mór an méid atá i 6,000 duine, ní nochtann sé feasacht inspreagtha agus inbhuanaithe a leathnaíonn thar mhic léinn agus páirtithe leasmhara eile.

Tá an dara méid táille is mó san Eoraip i bhfeidhm in Éirinn, agus ceann dena táillí is airde ar domhan, dar leis an OECD. Thug an tuairisc Cassells cheana féin go mbeadh athrú go scéim iasachtaí, den saghas céanna is atá sa Ríocht Aontaithe, “tionchar millteach ar mhic léinn faoi láthair agus sa todhchaí.” Tacaíonn eagraíochtaí éagsúla, AMLÉ agus na ceardchumainn atá sa Chomhghuaillíocht Oideachais san áireamh, leis an áiteamh sin.

ADVERTISEMENT

Sa chath seo, is mór an botún atá sa tuairim nach bhfuil tionchar aige sin ach ar dhaoine óga i bPoblacht na hÉireann. In áit é sin, is féidir níos mó dul chun cinn a dhéanamh tríd an ngné níos mó den daonra a bhraitheann tionchar na géarchéime maoinithe a bhéimniú: an eacnamaíocht óna theastaíonn céimithe oilte nó an 60 faoin gcéád de thuismitheoirí atá ag dul i mbun fiachais chun íocadh as oideachas ollscoile a bpáistí san áireamh. Caithfimid comhoibriú leis na grúpaí eile, níos leithne sin a bhfuil leas acu san ardoideachas.

Mar shampla, foilsíodh tuairisc den saghas céanna den tuairisc Cassells le déanaí i dTuaisceart Éireann. Ina theannta sin, ní comheachtra atá i gceist, agus éilimh ar son ardaithe táillí ag dul timpeall ar an dá thaobh den teorainn. Tá iarchéimithe gan deontais cheana féin, i gcás atá fochéimithe ag iarraidh seachaint i láthair na huaire.

Is fiú iad agóidí, comh maith leis an rírá agus ruaille buaille a dhéanann eagraíochtaí mac léinn, comhghuaillíochtaí agus na meáin chumarsáide. Ach is minic nach dtéann an rírá seo níos faide ná daoine atá leas díreach agus soiléir acu i gcúrsaí mac léinn. Is é an rud nach n-aithnítear ná na héifeachtaí forleithne a bheadh ag costais oideachais atá ag dul in airde. Is idir Éirinn agus tíortha thar lear a bheadh ag fulaingt, agus iad ag laghdú ioncaim clanna, deiseanna tuillte agus a lán rudaí eile sa chomhthéacs sóisialta agus geilleagrach.