Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 14, 2016

Cruthaíonn Plé ar Dheontais Deis Dúshláin na n-Iarchéimithe a thógáil isteach sa Lárshruth

Ní easpa deontas cothaithe í an fhadhb amháin atá ag crá iarchéimithe, agus is minic a fheictear iad mar dhaoine imeallacha i ndíospóireachtaí faoi dheacrachtaí na bhfochéimithe.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Sa bhliain 2012, baineadh deontais cothaithe d’iarchéimithe. Ó shin, níl daoine den saghas sin, atá orthu íocadh timpeall ar 10,000 a atá á iarradh ag ollscoileanna le maoiniú laghdaithe acu, i dteideal tacaíochta stáit ar bith. In áit é sin, is iad iasachtaí phríobháideacha an rogha amháin atá ag mórán daoine atá ag iarraidh leanúint lena gcuid staidéar in Éirinn.

An tseachtain seo, tá fadhb na ndeaontas sin arís i mbéal an phobail, agus Fianna Fáil ag rá gur gá don rialtas baint dena deontais a fhreaschur. Agus ardoideachas dearmadta don chuid is mó ar an gclár oibre polaitiúil, is ionadh taitneamhach an dara páirtí polaitiúil is mó sa tír a chloisint agus iad ag tabhairt airde ar fhadhb chaol deontas iarchéimithe.

Is ionadh é sin mar is ar bun cláir oibre don chuid is mó do cheannairí mac léinn atá fadhbanna iarchéimithe. Cibé acu uachtaráin ar na haontais na mac léinn nó fiú Aontas na Mac Léinn in Éirinn, baineann an chuid is mó dá saineolas le cúrsaí fochéimithe. Tá tuiscint níos lú fós ag na meáin chumarsáide ar dhúshláin na n-iarchéimithe. Nuair a fhoilsítear an tuairisc Cassells, is faoi iasachtaí do fhochéimithe a bhí na ceannlínte, in áit molta athchur i bhfeidhm deontais cothaithe d’iarchéimithe.

ADVERTISEMENT

Áfach, is aidhm í sin atá insroichte go gearrthéarmach do ghluaiseacht na mac léinn. Le costas 50 milliún amháin, agus le tacaíocht pholaitiúil lárshrutha, is dócha go mbeadh torthaí ag brústocaireacht éifeachtach maidir leis sin. Thabharfadh athchur i bhfeidhm deontas cothaithe stáit níos mó dréachtaí do dhaoine cáilíocht iarchéime a bhaint amach – rud a bheadh buntáisteach dár n-ollscoileanna agus don gheilleagar iomlán.

Is tús maith atá in éileamh athchur i bhfeidhm deontas. Ach, is gá leanúint le suim níos buanaithe i ndúshláin na n-Iarchéimithe. Cé go mbíonn fochéimithe buartha faoi scéimeanna iasachta, tá táilli atá ag dul in airde ag iarcheimithe, agus tá brú níos mó uaireanta múinteoireachta orthu freisin. Agus plé ar chórais maoinithe agus oideachas saor in aisce ag dul isteach go mall ar an larshruth, tá sé tábhachtach cinntiú nach mbeidh fadhbanna na bhfochéimithe amháin i réim, agus go mbeidh iarchéimithe in ann tairbhe a bhaint freisin ó dhíospóireacht phoiblí ar bith faoi thodhchái an ardoideachais.