Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 1, 2016

I Sracfhéachaint ar an Ríocht Aontaithe, Feiceann Daoine i gcoinne Scéimeanna Iasachtaí Dearbhú a n-Argóintí

Trí iasachtai a chur in áit deontas do mhic léinn ó chlanna ioncaim íseal, is sampla foirfe é an Ríocht Aontaithe do dhaoine a thugann rabhadh faoi bhaoil scéimeanna iasachtaí.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is cúis buartha agus eagla í cur i bhfeidhm scéim iasachtaí do gach duine atá i bhfábhar córais oideachais a mhaoinítear go poiblí. Go seasta, cuireann lucht tacaíochta oideachais saor in aisce i gcoinne áiteamh gurb iad scéimeanna iasachtaí an réiteach amháin leis an ngéarchéim maoinithe san ardoideachas, ag cur in iúl go mbeidh scéimeanna den saghas sin mar thús le próiseas baolach agus diúltach.

Ba shimplí iad na hargóintí. Áitíonn gluaiseacht na mac léinn agus na páirtithe polaitiúla atá i bhfábhar oideachais saor in aisce go gcuthaíonn scéim iasachtaí méadú táillí agus, ar dheireadh, díothú deontas. Áitíonn siad go ngortódh scéimeanna iasachtaí na mac léinn is boichte níos mó agus go dteorannóidís rochtain go ardoideachas. Tá rabhadh tabhartha acu faoina baoil a bhaineann le glacadh le méadú ar bith, agus iad ag déanamh tagairt don Ríocht Aontaithe – ina bhfuil táillí de £9,000 i bhfeidhm – mar shampla.

Inniu, soláthróidh iasachtaí a aisíocfar nuair a thuilleann an mac léinn níos mó ná £21,000 sa bhliain in áit na ndeontas a thacaigh le daoine ó chlanna le hioncaim íseal sa Ríocht Aontaithe. Beidh dúshlán breise fiachais roimh mhic léinn óna clanna is boichte mar níl siad in ann íocadh as costais laethúla, mar chíos agus bia, agus iad ag staidéar.

ADVERTISEMENT

D’fhógair roinnt ollscoileanna sa Ríocht Aontaithe le déanaí go méadóidh siad a gcuid táilli go £9,250. Áfach, nuair a chuireadh i bfeidhm na táillí ar dtús, dearbhaíodh go mbeidh £9,000 mar theorainn uachtair, nach mbeidh in úsáid ach in ollscoil nó dó.

Sin an tromluí a bhí á tuar ag daoine a chuir i gcoinne scéimeanna iasachtaí, ach is minic a fheicimid daoine ag tabhairt reacaireacht uafáis ar na tuartha sin. Áfach, is fírinne iad anois sa Ríocht Aontaithe, ár gcomharsa is gaire, a bhfuil tionchair móir ag a smaointí agus a polasaithe sa tír seo.

Maíonn na daoine a áitíonn ar son scéime iasachtaí nach mbeidh ach méadú beag táilli ag teastáil. Maíonn siad nach bhfuil duine ar bith ag iarraidh méadú den saghas céanna is atá sa Ríocht Aontaithe. Tá na tuairimí sin macánta gan amhras, agus is tairiscint mhealltach í – méadú beag táillí chun feabhsú mór sa chóras oideachais a chruthú. Ach is dearbhú do gach duine a thug rabhadh faoi bhaoil scéim iasachtaí a chur i bhfeidhm in ardoideachas na hÉireann é cúrsai mar atá siad sa Ríocht Aontaithe.

Cuireann an tuairisc Cassells trí rogha maidir le conas a mhaoineofar ardoideachas. Chomh fada is atá páirtithe polaitiúla agus an pobal ag cinneadh ar chomhairle, tá gluaiseacht na mac léinn go hiomlán i bhfábhar córais a mhaoinitear go poiblí fós. Do dhuine ar bith a bhfuil deacrachtaí acu maidir le cúiseanna leis sin a thuiscint, is mór an argóint a aimsítear i sracfhéachaint ar an Ríocht Aontaithe.