Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 1, 2016

Is Deacair Conas a Dhéanfadh Forbairt Tí Oisín Áit Níos Measa de Shráid an Phiarsaigh a Thuiscint

Diúltaíodh cead de bharr an tionchair físiúla ar shráid i “gceantar caomhnaithe” - ach is folamh agus ag titim as a chéile atá an tsráid.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tagann athfhorbairt Tí Oisín mar ionad iostais do 280 mic léinn le háiseanna a bheartaigh Coláiste na Tríonóide le déanaí ag am oiriúnach. Tá iarmhairtí na géarchéime iostais náisiúnta ag dul in olcas go seasta – cé go neantar neamhaird orthu – le blianta anuas, agus éileamh neamhsásta de 25,000 leapacha mac léinn ag ligint mac léinn gan rogha eile ach amháin fanacht i mbrúnna, maireachtáil de réir tola tiarnaí talún neamhsmachtaithe nó spásanna in ollscoileanna na cathrach a dhiúltú.

Dá bharr sin, is díobhálach an rud é achomharc a rinne An Taisce ar chinneadh na Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a thug cead pleanála do bheartuithe Choláiste na Tríonóide, achomharc a tharraing diúltú ceada An Bhoird Pleanála. Áfach, is é sin nádúr pleanála – nuair a chuirtear imní bailí chun solas, is beag tábhacht a bhaineann le práinn an tionscadail, go háirithe nuair nach bhfuil mórán suime polaitiúla ann.

Áfach, is féidir mórán cheisteanna a chur faoi dhlisteanacht imní An Taisce – a bhunaíodh ar thionchar físiúil agus méid an tionscdail atá i “gceantar caomhnaithe” – de bhrí staide an cheantair sin.

ADVERTISEMENT

Tá foirgnimh le cuma dearóilithe orthu agus cairn bruscair ina line ar gach aon taobh de Shráid an Phiarsaigh. Is beag aghaidheanna siopa atá fós gníomhach, agus iad brata le cláir, gan rian ar bith de shaol an Choláiste atá faoi lánseol toabh thiar dá cuid ballaí. Is beag an phatrúnacht a fhaigheann na gnóthaí ghníomhacha uirthi ó mhic léinn mar níl ach rochtain teoranta go dtí an tsráid trí gheataí an Choláiste. Tá Teach Oisín féin fós ina charn cloiche mór agus gránna, gan beocht ar bith agus le sreang dheilgneach timpeall air.

Go díreach os a chomhair Tá an phictiúrlann Screen – atá folamh agus ag titim as a chéile faoi láthair – agus Teach Háicín, foirgneamh atá is mó fuatha air i mBaile Átha Cliath, atá níos airde ná gach rud timpeall air. Agus tú ag siúl ar an tsráid sin, tá cuma na seafóide ar an bhfírinne go mbeidh méid athfhorbartha Tí Oisín mar chúis lena diúltú, beidh foirgneamh den saghas céanna á chur in áit Teach Háicín.

Ba cheart go mbeadh níos mó ná “gan rudaí a scriosadh” intuigthe san fhocal “caomhnú,” ach ní fheictear an fhírinne sin i radharc na sráide faoi láthair. Cé gur cheart bheith cúramach i dtógáil foirgnimh mhóir nua, is deacair ceapadh go ndéanfaidh forbairt ar bith dochar dá laghad do chuma na sráide mar atá sí i láthair na huaire. Ar a laghad, tabharfaidh sé beocht nua don tsráid, atá anois mar ina bealach salach.