Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 7, 2016

Le Straitéis Nua, B’fhéidir go n-Éireoidh le Pleananna Fiontraíoch Cholaiste na Tríonóide don Chéád Uair

Cáineadh Coláiste na Tríonóide de bharr a chur chuige maidir le fiontair, ach tá cur chuige nua le feiceáil i gceapadh duine chun tacú le gnólachtai nuathionscanta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a dúirt an Propast, Patrick Prendergast, sa bhliain 2014, gur mhaith leo fiontraí a dhéanamh de ghach mac léinn, ba mhór an gáire agus a scigmhagadh a mhúscail a thráchtanna. Áfach, ní raibh an Propast díspreagtha agus tá rianta an tspioraid fiontraíoch sin soiléir ón ráisteas sin.

Ó oscailt cláir Blackstone Launchpad sa leabharlann Berkeley i mí Feabhra, go dtí dúnadh na bialainne Hamilton chun spás a ligint do chorlann ghnó, d’éirigh leis an bPropast mórán áiteanna do ghnólachtaí nuathionscanta timpeall an champais a chruthú, ach cáineadh iad sin, agus daoine ag rá go bhfuil sad ag éirí ina dtosaíocht thar thionscadail riachtanacha eile, mar spásanna do mhic léinn.

B’í an fhadhb nach beidh ach cúpla “gorlanna” agus “luasairí” in uaillmhian fhiontraíoch Choláiste na Tríonóide ar champas agus thairis sin, gan fíor-nasc eatarthu agus le ganntanas cabhrach le tairiscint don mhac léinn. Dá bharr sin, ba cheart go gcuirfí fáilte mhór roimh an nuacht go mbeidh Coláiste na Tríonóide chun Príomh-Oifigeach Feidhmeannach a cheapadh, duine a bheidh freagrach as na tionscadail éagsúla sin a nascadh chun líonra inniúlachta agus fiontrach. Tairgeann an cinneadh sin dóchas nach mbeidh béim athnuaite ar fhiontair chun tionscadail eile an Choláiste a ghortú.

ADVERTISEMENT

Ní ionann sin is a rá gur fiú tairbhe spásanna tábhachtacha do mhic léinn a bhaint an trioblóid, nó go bhfuil gach mac léinn ag iarraidh bheith ina fhiontraí. Gan amhras, níl cuid mhór díobh. Ach, de bharr cheaptha duine a bheidh freagrach as fís fhiontraíoch a fhorbairt don Choláiste, ar a laghad beidh straitéis ann chun uaillmhian an Choláiste a chur chun chríoch.

Tá rath Choláiste na Tríonóide soiléir maidir le fiontraithe a chruthú, agus tá níos mó comhlachtaí á bhunú ag a chéimithe ná ollscoil ar bith eile san Eoraip. Nuair atá staid chomh dea-fhorbartha sin ag cultúr gnólachta nuathionscanta i mBaile Átha Cliath, ní gá Coláiste na Tríonóide a cháineadh de bhrí a mhéin bheith ina inneall leis sin. Leoga, tá roinnt mac léinn ag dlisteanú na ngorlanna sin cheana féin lan n-inniúlacht agus lena bhfiontair.

Chun forbairt a dhéanamh ar na torthaí sin agus chun na hamhrasáin a háitiú, beidh duine éigin a bheidh i gceannas air ag teastáil ón ngorlann inniúlachta agus fiontrach, duine a bheidh taithí agus díograis aige, nach mbacfaidh tionscadail eile nó déánfaidh fiontraithe de gach mac léinn. Má tá an Propast ag iarraidh i ndáiríre an deis a thabhairt do mhic léinn a bheith fiontraíoch, ar a laghad is sa bhealach a cheart atá sé ag iompar.