Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 23, 2016

Mar Shiombal Eile na Géarchéime Maoinithe, Tá Stádas Céimí Freisin Faoi Dhúshlán

Níl ach fianaise den phríomhfhadhb atá sna ciorruithe: easpa maoinithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is cúis mhór díoma atá sa nuacht go mbeidh ar an Seirbhís Chomhairleach Gairmiúil críoch a chur lena seirbhís comhairliúcháin do chéimithe, agus í ag díriú a haird iomlán ar mhic léinn reatha. Níl an tseirbhís chosanta óna ciorruithe a chuireadh i bhfeidhm ar fud an Choláiste le bliana anuas, agus léiríonn an cinneadh sin is déanaí an brú faoina bhfuil foireann na hollscoile ag obair.

Ach, maidir le céimithe a bheidh go héadóchasach ag lorg postanna nó comhairle faoi cheann a aimsiú i Meán Fómhair, is féidir leo an cheist a chur: “Cén fáth ar tharla sé sin dúinne?” Agus is maith an cheist í seo. Is gné tábhachtach de chomhphobal an Choláiste iad céimithe, cosúil le mac léinn ar bith. Le linn na tréimhse a chaith siad ag staidéar, is leor a d’íoc siad as pribhléid freastal ar Choláiste na Tríonóide. Is iomaí iarchéimithe agus mic léinn idirnáisiúnta freisin atá tar éis méid airgid dochreidte a íocadh.

Mar mhic léinn ar feadh an tamaill sin, tá go leor taithí againn de sheirbhísí droch-mhaoinithe agus de bhaill foirne tuirseacha traochta. Ach, mar chéimithe, tá tnúthán ann go mbeidh Coláiste na Tríonóide ag tacú linne tar éis críoch ár n-ama ansin. Níl an tnúthán sin go hiomlán gan fírinne. Is é an “comhphobal Choláiste na Tríonóide” cáiliúil a leathnaíonn ó Nua-Eabhrac go Rio de Janeiro agus ar a thugann an Propaist cuairteanna go minic, a fheictear go bhfuil níos mó aitheantais ar a luach ná na mic léinn atá fós ag staidéar san ollscoil.

ADVERTISEMENT

Sin an fáth go bhfuil cailleadh na seirbhíse comhairliúcháin chomh pianmhar sin – cuireann sé in iúl nach bhfuil Coláiste na Tríonóide luach céimithe nua a aithint níos mó. Cé go meastar sean-chéimithe (agus is minic a bhfuil siad saibhir), is tábhacht níos lú atá ag céimí nua don ollscoil, de réir cosúlachta.

Ach cé go bhfuil sé i gceart go mothaíonn céimithe go bhfuil siad gortaithe, ba cheart go dtabharfaidís faoi deara go bhfuil na seirbhísí a fhágann siad ag dul in olcas do mhic léinn reatha. Beidh a lán moille ag an Seirbhís Comhairliúcháin Gairmiúla fós, agus oibreoidh baill foirne faoi bhrú suntasach.

Ní dhearna Coláiste na Tríonóide ciorrú air sin de bharr fuarchúsie tobainne i dtreo céimithe – tá fianaise den mhalairt i gclár GradLink. Ach chomh fada is atá maoiniú rialtais ag laghdú, agus chomh fada is atáimid gan réiteach leis an ngéarchéim maoinithe, ní hamháin céimithe a fulaingeoidh, ach mic léinn freisin, faoi láthair agus sa todhchaí.